Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024-2029 Chomhairle Contae Chorcaí

Fógra Glacachta faoi Alt 16 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnú Timpeallachta Pleananna agus Clár Áirithe) 2004 (S.I. 435/2004), arna leasú

Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide Údaráis Áitiúil 2024 – 2029 do cheantar fheidhme Chomhairle Contae Chorcaí

Tá Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide Údaráis Áitiúil do cheantar fheidhme Chomhairle Contae Chorcaí ullmhaithe ag Comhairle Contae Chorcaí do na blianta 2024 -2029 faoi Chuid 16 den Acht um Gníomhú Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021.

Bhí an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide faoi réir Measúnaithe Straitéisigh Timpeallachta (SEA) faoi Threoir SEA 2001/42/EC arna trasuí i ndlí na hÉireann faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnú Timpeallachta Pleananna agus Clár Áirithe) 2004 (S.I. 435/2004), arna leasú; agus Measúnú Cuí (AA) na Treorach maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach 92/43/EEC, arna trasuí i ndlí na hÉireann faoi Rialachán 42(1) de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha) 2011 (S.I. Uimh. 477/2011), leasaithe.

Tá cóip den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus na tuarascálacha timpeallachta a bhaineann leis ar fáil don phobal le scrúdú ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chorcaí ar www.corkcoco.ie.

Tá cóipeanna clóite den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus na tuarascálacha timpeallachta a bhaineann leis ar fáil don phobal le scrúdú ar Urlár 1 (An Rannóg Pleanála), Halla an Chontae, Bóthair Charraig Ruacháin, Corcaigh, T12 R2NC, Luan go hAoine (seachas laethanta saoire poiblí) idir 9:00r.n. agus 4:00i.n. le linn na tréimhse ón 28 Feabhra 2024 go dtí an 10 Aibreán 2024.

Tá cóipeanna clóite den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide i mBéarla agus i nGaeilge ar fáil ó Leabharlanna Poiblí Chomhairle Contae Chorcaí le linn a gcuid uaireanta oscailte.

Tá Ráiteas SEA ar fáil le scrúdú ar líne chomh maith ina ndéantar achoimre ar na gnéithe seo a leanas:

  1. An chaoi ar nascadh ceisteanna timpeallachta leis an bplean nó leis an gclár, nó le leasú ar phlean nó ar chlár,
  2. An chaoi ar tugadh san áireamh le linn ullmhú an phlean nó an chláir, nó leasú ar phlean nó ar chlár:
    1. an tuarascáil timpeallachta a ullmhaíodh de réir alt 12,
    2. Aighneachtaí agus tuairimí a cuireadh faoi bhráid an údaráis chuí mar fhreagairt ar fhógra faoi alt 13, agus
    3. Aon chomhairliúchán faoi alt 14.
  3. Na cúiseanna a roghnaíodh an plean nó an clár, nó leasú ar phlean nó ar chlár, i bhfianaise roghanna malartacha réasúnta ar déileáladh leo, agus
  4. Na forálacha a roghnaíodh le monatóireacht a dhéanamh, de réir alt 17, ar éifeachtaí suntasacha timpeallachta an phlean nó an chláir, nó leasú ar phlean nó ar chlár.
     

Sínithe: Louis Duffy

Stiúrthóir na Seirbhíse, Seirbhísí Timpeallachta, Athraithe Aeráide agus Éigeandála

Dátaithe: Dé Céadaoin 28 Feabhra 2024