Cork County Council Draft Climate Action Plan 2024-2029, Public Information Webinar

Climate Action Plan Development Stages Infographic

Cork County Council is hosting an online public information webinar on the Draft Climate Action Plan 2024-2029. The Draft Climate Action Plan sets out how Cork County Council will work with its communities to advocate for change and with national government and state agencies to deliver climate action.  The Council will also look at its own services to meet national emissions targets and to increase the resilience of its human and infrastructural assets against climate change impacts.

The webinar takes place online on Friday 17th November 2023 between 13:00-14:00 and will include presenters from the local authority, Mr Louis Duffy, Director of Services, Environment, Climate Action and Emergency Services, and Mr Tim Twomey, Climate Action Coordinator for Cork County Council, and a welcome address from the Mayor of the County of Cork, Cllr Frank O’Flynn. 
The public information webinar will provide an overview of Cork County Council’s Draft Climate Action Plan 2024-2029 and will outline how members of the public can get involved in the public consultation process and make a formal submission. 

The webinar will also include a guest speaker from University College Cork (UCC), Dr Christopher Phillips, who will discuss the impacts of climate change and how we can adapt and mitigate against these impacts, including some local examples of work and projects being undertaken by UCC. 

Attendees are required to register in advance here: https://www.corkcoco.ie/en/resident/environment/climate-action-plan/stage-two-draft-cork-county-council-climate-action-plan-2024-2029-public-consultation 

*Public consultation on the Draft Cork County Council Climate Action Plan 2024-2029 is open until 27th November 2023 and you can find out more information on how to get involved and make a submission by clicking the button below.


Dréachtphlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024-2029, Seimineár Gréasáin um Fhaisnéis Phoiblí

Tá seimineár gréasáin um fhaisnéis phoiblí ar líne á óstáil ag Comhairle Contae Chorcaí ar an Dréachtphlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024-2029. Leagtar amach sa Dréachtphlean Gníomhaithe ar son na hAeráide conas a oibreoidh Comhairle Contae Chorcaí lena pobail chun tacú le hathrú agus le rialtas náisiúnta agus le gníomhaireachtaí stáit chun gníomhú ar son na haeráide a chur ar fáil. Breathnóidh an Chomhairle freisin ar a seirbhísí féin chun spriocanna náisiúnta astaíochtaí a bhaint amach agus chun teacht aniar a sócmhainní daonna agus bonneagair i gcoinne thionchair an athraithe aeráide a mhéadú.

Beidh an seimineár gréasáin ar siúl ar líne Dé hAoine an 17 Samhain 2023 idir 13:00-14:00 agus áireofar leis láithreoirí ón údarás áitiúil, Louis Duffy, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Éigeandála, agus Tim Twomey, Comhordaitheoir Gníomhaithe ar son na hAeráide do Chomhairle Contae Chorcaí, agus aitheasc fáilte ó Mhéara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Frank O’Flynn.

Tabharfaidh an seimineár gréasáin um fhaisnéis phoiblí forbhreathnú ar Dhréachtphlean Gníomhaithe Aeráide Chomhairle Contae Chorcaí 2024-2029 agus tabharfar breac-chuntas ann ar conas is féidir le baill den phobal páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin phoiblí agus aighneacht fhoirmiúil a dhéanamh.

Mar chuid den seimineár gréasáin beidh aoichainteoir ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh (UCC), an Dr Christopher Phillips, a phléifidh tionchair an athraithe aeráide agus conas is féidir linn na tionchair sin a oiriúnú agus a mhaolú, lena n-áirítear roinnt samplaí áitiúla d’obair agus de thionscadail atá á ndéanamh ag UCC.

Ní mór don lucht freastail clárú roimh ré anseo: https://www.corkcoco.ie/en/resident/environment/climate-action-plan/stage-two-draft-cork-county-council-climate-action-plan-2024-2029-public-consultation 

*Tá comhairliúchán poiblí ar Dhréachtphlean Gníomhaithe Aeráide Chomhairle Contae Chorcaí 2024-2029 ar oscailt go dtí an 27 Samhain 2023 agus is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar conas páirt a ghlacadh agus aighneacht a dhéanamh anseo.