Céim a Dó — Comhairliúchán Poiblí ar Dhréachtphlean Gníomhaithe ar son na hAeráide Chomhairle Contae Chorcaí 2024-2029

Chuir an Chomhairle Dréachtphlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024-2029 Chomhairle Contae Chorcaí le chéile agus foilsíodh é ar an 13 Deireadh Fómhair 2023.

Reáchtáladh tréimhse chomhairliúcháin phoiblí faoin Dréachtphlean idir Dé hAoine an 13 Deireadh Fómhair go Dé Luain an 27 Samhain, 4i.n.

D'eagraigh Comhairle Contae Chorcaí seimineár gréasáin poiblí ar líne mar gheall ar Dhréachtphlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024-2029 Dé hAoine an 17 Samhain 2023. Ghlac láithreoirí ón údarás áitiúil, an Comhordaitheoir Gníomhaithe ar son na hAeráide san áireamh, chomh maith le haoichainteoir ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, páirt sa seimineár ar líne seo.
 

Leagtar amach sa Dréachtphlean an chaoi a mbeidh Comhairle Contae Chorcaí freagrach as feabhas a chur ar athléimneacht in aghaidh na haeráide, éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, ar fud a sócmhainní, a seirbhísí, agus a bonneagar féin, a bhfuil sí go hiomlán cuntasach ina leith, agus ról níos leithne á léiriú aici freisin maidir le tionchar a imirt, tacú le hearnálacha eile, agus iad a éascú, chun a spriocanna agus a n-uaillmhianta aeráide féin a bhaint amach.

  • Tá caibidlí ar an méid seo a leanas sa Dréachtphlean: 
  • Gníomhú ar son na hAeráide bunaithe ar fhianaise
  • Fardal Astaíochtaí Bunlíne Chontae Chorcaí (BEI)
  • Measúnú Riosca um Athrú Aeráide
  • Creat Gníomhaíochtaí ar son na hAeráide: 
  • Rialachas
  • Astaíochtaí ón gComhairle a bhfuil freagracht iomlán ag an gComhairle astu
  • Rannpháirtíocht na saoránach agus ceannaireacht pobail
  • Bithéagsúlacht, an comhshaol nádúrtha, oidhreacht agus úsáid talún,
  • Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht
  • Eacnamaíocht
  • Talmhaíocht, Tionsclaíocht, Turasóireacht agus Gnó
  • Iompar
  • Timpeallacht Thógtha
  • Bonneagar, Foirgnimh, Tithíocht agus Oidhreacht
  • Dramhaíl sholadach
  • Crios Dícharbónaithe Mhaigh Chromtha
  • Monatóireacht agus Tuairisciú