Aidhm: Lucht spéise nua a chruthú do na hEalaíona agus rannpháirtíocht ghníomhach sna hEalaíona i ngach cuid den phobal a chur chun cinn trí sheirbhísí a chur ar fáil.
Seirbhísí:
- Scéim na nEalaíontóirí i Scoileanna
- Ealaíontóir Cónaitheach sa Phobal
- Scéim Oideachais Ceoil
- Cláir Cheoil, Drámaíochta agus Damhsa
- Clár Oiliúna Ealaíon Deonaí
- Forbairt Ealaíon Pobalbhunaithe
- Forbairt Ealaíona na nÓg.
Aidhm: An leabharlann a shocrú mar ionad gníomhaíochtaí Ealaíona agus cultúrtha sa phobal trí réimse leathan gníomhaíochta, seirbhísí agus imeachtaí Ealaíon a chur ar fáil laistigh de thimpeallacht an leabharlainne, ar féidir le gach ball den phobal iad a rochtain.
Seirbhísí:
- Gníomhaíochtaí agus imeachtaí Ealaíon i Leabharlanna
- Tacú le Grúpaí Suime: Clubanna Leabhar do Pháistí, Grúpaí scríbhneoirí cruthaitheacha, Grúpaí léitheoireachta, Grúpaí péinteála agus Ciorcail ghramafóin san áireamh
- Clár taispeántas.
Aidhm: Cabhrú le healaíontóirí agus eagraíochtaí Ealaíon agus pobail saothair chruthaitheacha d'ardchaighdeáin a chruthú, a fhorbairt agus a chur ar fáil, agus iad a éascú, ar mhaithe le:
- Suim an phobail sna hEalaíona a mhúscailt
- Eolas, meas, agus chur chun cinn na nEalaíon a chur chun cinn
- Caighdeáin sna hEalaíona a fheabhsú
Scéimeanna Deontais:
- Scéim Deontais Ealaíon.
- Deontas an Ealaíontóra Chónaithigh i Scoileanna.
- Scéim Sparánachtaí d'Ealaíontóirí.
- Sparántacht Ionad Tyrone Guthrie.
- Sparánacht Fondúireacht Bhaile an Ghleanna
Tacú leis an ealaíontóir cruthaitheach
Aidhm: Bearta a chur ar fáil agus a fhorbairt chun tacú leis an ealaíontóir aonair agus ealaíon a chruthú.
Trí na rudaí seo a leanas a dhéantar sin;
- Scéimeanna Sparánachta.
- Tionscadail Chónaitheacha.
- Coimisiúnú.
- Saothair a cheannach.
Aidhm: Tacú leis an earnáil chlosamhairc a fhorbairt i gCorcaigh. Tá Film in Cork bunaithe ag Comhairle Contae Chorcaí, i gcomhar le Comhairle Cathrach Chorcaí, chun cabhrú le deiseanna scannánaíochta i Réigiún Chorcaí a chur chun cinn. Tá na spriocanna seo a leanas ag Film in Cork:
- Tacú leis an earnáil áitiúil scannánaíochta agus í a chur chun cinn
- Corcaigh a chur chun cinn mar shuíomh léirithe scannán
- Seirbhísí suímh agus tacaíocht ar glaoch a chur ar fáil do léiriú scannán.
Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Rossa Mullin ar 086 3066900 nó ar ríomhphost.
Aidhm: Tacú le Beartais Ealaíon a chur le chéile ag Comhairle Contae Chorcaí. Déantar sin ar na bealaí seo a leanas:
- Comhairle a chur ar fáil don Chomhairle ar shaincheisteanna forbartha a bhaineann leis na hEalaíona
- Tacú le hobair forbartha beartas an Choiste Beartais Straitéisigh (CBS) um Ealaíona, Chultúr agus Theangacha
- Taighde a dhéanamh, de réir mar a chinnfear an Chomhairle, an CBS um Ealaíona, Chultúr agus Theangacha, agus eile
- Tuarascálacha agus sonraí fíorasacha a chur ar fáil don Chomhairle ar fheidhmiú Chlár Ealaíon na Comhairle.
Aidhmeanna: Acmhainn faisnéise Ealaíon a chur ar fáil agus a chothabháil do Chontae Chorcaí. Tá sé d'aidhm againn freisin comhairle a chur ar dhaoine aonair agus ar eagraíochtaí maidir leis na hEalaíona, agus cabhrú leo.
Seirbhísí:
- Artsnews, nuachtlitir seachtainiúil ealaíon ar ríomhphost, a fhoilsiú
- Faisnéis ábhartha a dháileadh ar na páirtithe leasmhara
- Faisnéis ar ealaíontóirí agus ar eagraíochtaí ealaíona i gContae Chorcaí a bhailiú agus a chur ar fáil
- Seirbhís chomhairleach inrochtana ar chúrsaí Ealaíon a chur ar fáil.
Aidhm: clár coimisiúnaithe leanúnach do spásanna poiblí i gContae Chorcaí a bhainistiú agus tacú leis.
Seirbhísí:
- Scéim an Chéatadáin le haghaidh na hEalaíon a bhainistiú ar son ranna Comhairle agus Bonneagar Iompair Éireann
- Comhairle a chur ar eagraíochtaí pobail a bhfuil baint acu le tionscadail poiblí ealaíne
- Faisnéis a chur ar fáil ar shaothair atá coimisiúnaithe ag Comhairle Contae Chorcaí
- An bailiúchán poiblí ealaíne a chothabháil.
Aidhm: Bailiúchán pictiúr, priontaí, grianghraf, dealbh agus meán eile d'ardchaighdeáin a chur le chéile agus a chaomhnú le gur féidir leis an bpobal agus le baill agus foirne Chomhairle Contae Chorcaí sult a bhaint as.
Ian McDonagh, Oifigeach na nEalaíon, Teil: 021-4276891 folíne: 6972, r-phost: ian.mcdonagh@corkcoco.ie
Sinead Donnelly, Oifigeach Foirne Ealaíon na Leabharlainne, Teil: 021-4276891 folíne: 6970, r-phost: sinead.donnelly@corkcoco.ie