Comhshaol

Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol

Réamhrá

Tugann Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007 go 2014 (I.R. Uimh. 133 de 2007, I.R. Uimh. 662 de 2011 agus I.R. Uimh. 615 de 2014) (Rialacháin RFC) cearta dlíthiúla dóibh siúd atá ag iarraidh faisnéis faoin gcomhshaol a lorg ó údaráis phoiblí.

De réir na Rialacháin sin, ní mór faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol arna coimeád ag údarás poiblí, nó arna coimeád thar ceann údaráis phoiblí, a chur ar fáil ar iarratas, faoi réir eisceachtaí áirithe.  Ina theannta sin, cuireann na Rialacháin RFC de cheangal ar údaráis phoiblí a bheith réamhghníomhach maidir le faisnéis faoin gcomhshaol a scaipeadh ar an bpobal.

Táillí

Níl aon táille thosaigh ann maidir le hiarratas a dhéanamh de réir na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol.  Mar sin féin, d'fhéadfadh údarás poiblí táille réasúnta a ghearradh as an bhfaisnéis a iarradh a chur ar fáil.  D'fhéadfadh na costais a bhaineann leis an bhfaisnéis a bhailiú, a chóipeáil, a phriontáil nó a sheoladh sa phost a bheith san áireamh.

D'fhéadfaí nach ngearrfaidh Údaráis Phoiblí táille as cláir nó liostaí faisnéise comhshaoil a rochtain nó as faisnéis den chineál sin a iniúchadh ar an láthair.

Tuilleadh Eolais

Le tuilleadh eolais a fháil ar Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, féach 'Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol' agus le tuilleadh eolais a fháil ar Oifig an Choimisinéara, féach www.ocei.ie.

Cé na catagóirí faisnéise a chuimsítear le RFC?

Tá sé chatagóir faisnéise ar fáil mar seo a leanas:

  • staid ghnéithe an chomhshaoil e.g. aer, uisce, ithir, talamh, tírdhreach, éagsúlacht bhitheolaíoch
  • rudaí eile a mbíonn tionchar acu ar, nó a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar, ghnéithe den chomhshaol e.g. cumhacht, torann, radaíocht, fuíoll agus rudaí eile a scaoiltear sa chomhshaol
  • beartais atá ceaptha chun gnéithe an chomhshaoil a chosaint e.g. polasaithe, reachtaíocht, pleananna, cláir, comhaontuithe comhshaoil
  • tuarascálacha ar reachtaíocht comhshaoil a chur i bhfeidhm
  • anailísí agus barúlacha a úsáidtear laistigh de chreat na mbeartas a cheaptar chun an comhshaol a chosaint
  • staid sláinte agus sábháilteacht daonna, an bhiashlabhra, iontas cultúrtha agus struchtúr tógtha sa mhéid is a d'fhéadfadh gnéithe an chomhshaoil dul i bhfeidhm orthu.

De réir údarás na reachtaíochta, ní mór dúinn diúltú rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol a thabhairt duit ar na cúiseanna seo a leanas:

  • faisnéis pearsanta
  • faisnéis a chuireann tríú páirtí ar fáil go deonach
  • ábhar ar mhó an seans go ndéanfaí damáiste don chomhshaol lena mbaineann an t-ábhar siúd dá nochtfaí an t-ábhar
  • rúndacht imeachtaí na n-údarás poiblí.

De réir na Rialacháin RFC, d'fhéadfaimis diúltú rochtain ar fhaisnéis a thabhairt duit ar chúiseanna áirithe:

  • caidreamh idirnáisiúnta, cosaint náisiúnta nó slándáil phoiblí
  • cúrsa na córa
  • rúndacht trádála nó tionsclaíocha
  • cearta maoine intleachta
  • ábhar atá á chríochnú
  • cumarsáid inmheánach le húdaráis phoiblí
  • má mheastar go bhfuil an t-iarratas míréasúnta mar gheall ar mhéid nó ar raon na faisnéise a iarrtar nó mar gheall go bhfuil an t-iarratas róghinearálta.

Conas a iarraim faisnéis de réir na Rialacháin RFC?

Agus iarratas ar fhaisnéis á dhéanamh agat de réir na Rialacháin RFC, ní mór duit na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

cuir d'iarratas isteach i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach agus cuir in iúl go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh de réir na Rialacháin RFC

tabhair do shonraí teagmhála

luaigh chomh soiléir agus is féidir an fhaisnéis faoin gcomhshaol atá ag teastáil

Má theastaíonn an fhaisnéis uait i bhfoirm ar leith nó más gá duit an fhaisnéis a rochtain ar bhealach ar leith, ba cheart duit é sin a shonrú i d'iarratas.

Tá sé de cheangal orainn freagra a thabhairt laistigh d'aon mhí ó d'iarratas a fháil.

  • Cuir d'iarratas isteach chuig:
  • Oifigeach RFC
  • An Stiúrthóireacht Chomhshaoil
  • Comhairle Contae Chorcaí
  • Inis Cara
  • Co. Chorcaí

Teil:  021 4532700

R-phost: aie.requests@corkcoco.ie

Tugann na Rialacháin RFC an deis do dhaoine faisnéis faoin gcomhshaol arna coimeád ag údarás phoiblí, nó arna coimeád thar ceann údaráis phoiblí, nach bhfuil ar fáil ar bhealach eile de ghnáth a rochtain.  

Tá feidhm ag na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003 in éineacht leis na Rialacháin RFC.  Ciallaíonn sé sin gur féidir le daoine faisnéis faoin gcomhshaol a rochtain faoi na ActhAchtanna SF agus faoi na Rialacháin RFC.

Más mian leat faisnéis phearsanta arna coimeád ag an gComhairle faoin Reachtaíocht um Chosaint Sonraí, féach an Rannán Cosanta Sonraí.

Cad é mó Chead Achomhairc?

Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra ar d'iarratas, nó mura dtugann an Chomhairle freagra ar d'iarratas laistigh den tréimhse a shonraítear, is féidir leat athbhreithniú inmheánach ar an ábhar a iarraidh.   Oifigeach de chuid na Comhairle nach raibh baint aige nó aici leis an mbunchinneadh a dtabharfaidh faoin athbhreithniú.  Ní mór duit d'achomharc a dhéanamh laistigh d'aon mhí amháin den litir ina raibh an bunchinneadh a fháil agus ní mór don Chomhairle freagra a thabhairt ar d'achomharc laistigh d'aon mhí amháin den litir sin a bheith faighte freisin.

Cuir d'achomharc isteach chuig:

Oifigeach Achomhairc RFC,

An Stiúrthóireacht Chomhshaoil,

Comhairle Contae Chorcaí,

Inis Cara,

Co. Chorcaí.

Teil:  021 4532700

R-phost: aie.requests@corkcoco.ie

 An féidir liom achomharc a dhéanamh os comhair an Choimisinéara um Fhaisnéis Chomhshaoil ansin?

Tar éis go gcríochnófar an t-athbhreithniú inmheánach, is féidir leat athbhreithniú neamhspleách ar an gcinneadh a iarraidh ar an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil.  Ní mór achomhairc os comhair an Choimisinéara a dhéanamh laistigh d'aon mhí amháin de chinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh.  Is féidir leat achomharc a dhéanamh os comhair an Choimisinéara freisin mura fhreagraíonn an Chomhairle d'iarratas ar athbhreithniú inmheánach ar an mbunchinneadh laistigh d'aon mhí amháin.

Ní mór achomharc a déanamh i scríbhinn chuig an Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil ag an seoladh seo a leanas:

Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Chomhshaoil,

18 Sráid Líosain Íochtarach,

Baile Átha Cliath 2

Teil: 01 6395689

R-phost: info@ocei.ie

Tar éis go gcríochnófar an t-athbhreithniú inmheánach, is féidir leat athbhreithniú neamhspleách ar an gcinneadh a iarraidh ar an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil.  Ní mór achomhairc os comhair an Choimisinéara a dhéanamh laistigh d'aon mhí amháin de chinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh.  Is féidir leat achomharc a dhéanamh os comhair an Choimisinéara freisin mura fhreagraíonn an Chomhairle d'iarratas ar athbhreithniú inmheánach ar an mbunchinneadh laistigh d'aon mhí amháin.

Ní mór achomharc a déanamh i scríbhinn chuig an Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil ag an seoladh seo a leanas:

Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Chomhshaoil

18 Sráid Líosain Íochtarach

Baile Átha Cliath 2

Teil:   01 6395689

R-phost:  info@ocei.ie

Tá tuilleadh sonraí teagmhála agus faisnéis ar Oifig an Choimisinéara ar fáil ar www.ocei.ie.

Is féidir le tríú páirtithe a bhfuil tionchar ag cinneadh na Comhairle orthu achomharc a dhéanamh os comhair an Choimisinéara in aghaidh chinneadh na Comhairle.

Ní mór duit an táille chuí do d'achomharc a chur san áireamh (le tuilleadh eolais a fháil, féach an Rannán Táillí).