Tránna

Tá an Roinn Comhshaoil Chomhairle Contae Chorcaí freagrach as monatóireacht ar cháilíocht uisce snámha agus as eolas a chur ar fáil don phobal le linn an tséasúir snámha.

Caithfidh na huiscí snámha go léir caighdeáin dhiana mhicribhitheolaíocha a chomhlíonadh i dtaobh Enterococci Stéige agus Escherichia Coli (E. Coli) chun sláinte na ndaoine a snámhann iontu a chosaint.

Tá ar Údaráis Áitiúla ar a laghadh cúig (5) shampla a thógáil in aghaidh an tséasúir snámha, sampla amháin roimh an séasúr snámha agus ar a laghadh ceithre shampla le linn an tséasúir snámha. I mbliain ar leith maireann an séasúr snámha ó 1 Meitheamh go 15 Meán Fómhair. Maireann an tréimshe samplála roimh an séasúr ó 22 go 31 Bealtaine.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar reachtaíocht maidir le Caighdeán uisce snámha téigh ar www.environ.ie



Tá Eolas maidir le Cáilíocht Uisce ar taispeáint ag gach trá agus is féidir teacht air chomh maith ag www.beaches.ie.

As an 27 dtrá atá faoi mhonatóireacht fhoirmiúil reatha na Roinne Comhshaoil Chomhairle Contae Chorcaí tá 14 dóibh sainaitheanta ó thaobh na rialúcháin maidir le Cáilíocht Uisce Snámha 2008 (SI Uimh.79 de 2008---Treoir 2006/7/CE).  Tá liosta reatha de na Ceantair Snámha Sainaitheanta i gContae Chorcaí thíos.

  • Eochaill An Caisleán Cria
  • Eochaill An Trá tosaigh
  • Ceann an Bhóthair
  • Garraí Bhoithe
  • Garretstown
  • Garraí Lúcáis
  • Cúl Méine
  • Baile Mhontáin
  • Inse Duine
  • Abha na hInse
  • Warren
  • Tráigh Omna
  • Bá na hEornan
  • Inse Duine Thoir

Déanann na húdaráis áitiúla cinneadh maidir leis na huiscí snámha atá "sainaitheanta" le haghaidh monatóireacht, bainistiú agus measúnú faoi na Rialúcháin maidir le Cáilíocht Uisce Snámha 2008. Is féidir le lucht an phobail uiscí snámha sainaitheanta nua a mholadh chun dul faoi bhráid Chomhairle Contae Chorcaí trí ainmniúcháin a chur isteach sa phost nó i ríomhphost.  Is é seo leanas an seoladh poist: Uiscí Snámha Sainaitheanta, Oibriúcháin na Cathrach agus Oibriúcháin na Tuaithe, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 5, Áras an Chontae, Corcaigh nó is féidir aimniúcháin a chur ar an ríomhphost chuig beaches@corkcoco.ie

Chun aighneacht iomlán a dhéanamh, bain úsáid as doiciméad treoirlínte na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) don phobal agus as an bhfoirm iarratais chuí san áireamh in iarscríbhinn 1, cuir ar aghaidh iad comhlíonta leis na caipéisí tacaíochta chun measúnú iomlán a dhéanamh ar aighneacht. cliceáil anseo don doiciméad.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le rannpháirteachas sa phróiseas sainaitheanta na n-uiscí snámha is féidir ríomhphost a chur chuig beaches@corkcoco.ie.  Tá an nasc seo a leanas úsáideach chomh maith www.beaches.ie 

As na tránna atá faoi mhonatóireacht reatha na Roinne Comhshaoil Chomhairle Contae Chorcaí, bhain 11 n-uisce snámha sainaitheanta amach Stádas Brataí Goirme don séasúr 2023.

Is é seo a leanas liosta na 10 mBratach Ghorm bronnta ar Chorcaigh don séasúr snámha 2023:

  • Garraí Lúcáis (Béal Átha an Spidéil)
  • Garretstown (Béal Átha an Spidéil)
  • Ceann an Bhóthair (Eochailll)
  • Inse Duine Thiar(Cloich na Coillte)
  • Bá na hEornan (An Scoil)
  • Abha na hInse (Ros ó gCairbre)
  • Tráigh Omna (An Sciobairín)
  • Inse Duine Thoir(Cloich na Coillte)
  • Caisleán Cré (Eochaill)
  • Cregane (An Warren)

Is Feachtas Idirnáisiúnta é an Gradam Brataí Goirme riartha in Éirinn ag an Taisce (The National Trust for Ireland) le tacaíocht ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus ar bhonn Eorpach ag an bhFondúireacht um Oideachas Comhshaoil (FEE). Chun Bratach Ghorm a bhaint amach, caithfidh ceantar snámha sainaitheanta caighdeáin dhiana mhicribhitheolaíocha a chomhlíonadh chun sláinte na snámhóirí ann a chosaint.

(An Treoir 2006/7/2008)

Anuas air sin, caithfear critéir ar leith a bhaint amach sna ceantair snámha maidir le soláthar Séirbhísí agus Áiseanna Sábháilteachta, Bainistiocht Chomhshaoil an cheantair trá agus Oideachas Comhshaoil.

Bronntar an Bhratach Ghorm ar bhonn bliantúil. Cuirtear na torthaí monatóireachta go léir ar aghaidh chuig an Taisce nuair atá said faighte ag an Údarás Áitiúil. Déanann an Taisce scrúduithe le linn an tséasúir snámha chun an léibhéal comhlíonta maidir le Critéir na Brataí Goirme a dheimhniú. Cuirtear iarratais isteach ar Bhratacha Gorma ag an Údarás Áitiúil go bliantúil. Is féidir leis na buaiteoirí gradaim bratach ghorm a chur ar foluain le linn an tséasúir snámha ó thús Mheithimh go dtí an dara seachtain i Meán Fómhair.

Déantar cothabháil ar Thránna le Bratach Gorm go caighdeáin Brataí Goirme iomchuí le soláthar páirceáil caranna, leithreas poiblí, gardaí tarrthála, rialú bruscair agus eolas/gníomhaíochtaí comhshaoil le linn mhíonna an tsamhraidh ag an gComhairle Contae trí oifig Innealtóir an Cheantair chuí. Tá an mhonatóireacht riachtanach ar cháilíocht uisce agus cothabháil Ghradam an Bhrataí Goirme i gCorcaigh faoi sainchúram Stiúrthóireacht Chomhshaoil Chomhairle Contae Chorcaí atá lonnaithe in Inis Cara.

Is féidir teacht ar tuilleadh eolais faoi Ghradam an Bhrataí Goirme ag www.blueflagireland.org.

As na tránna atá faoi mhonatóireacht reatha na Roinne Comhshaoil Chomhairle Contae Chorcaí, bhain 15 uisce snámha amach stádas Cósta Glas don séasúr 2023.

Is é seo a leanas liosta reatha na n-uiscí snámha Cósta Glas Cork 2023 i gCorcaigh:

  • Ring (Youghal)
  • Ard na hInse
  • An Inse
  • Baile Riosóid
  • Galleycove
  • Cé an Duinín (Sheeps Head)
  • Garinis
  • Red Strand
  • Fountainstown
  • Rocky bay
  • Silver Strand, Inis Arcáin
  • Cadogan's Strand
  • East Beach Inchydoney
  • Ballynamona
  • Oysterhaven

Cuireadh tús leis na Gradaim Cósta Glas ag Údaráis sa Bhreatain Bheag agus anois tá siad leathnaithe amach go cósta na hÉireann.

Tá sé maoinithe ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus tá sé tacaithe ag Fáilte Éireann, Coca Cola agus SECAD (Forbairt Ceantair Oirdheiscirt Chorcaí).

Bhain Comhairle Contae Chorcaí amach a chéad 2 ghradam Cósta Glas in 2009, tháinig méadú suntasach air sin go 15 awards in 2023.

Is gradam atá deartha go speisialta é an Gradam Cósta Glas do na tránna tuaithe sin le cáilíocht uisce den scoth ach gan an t-infreastruchtúr docht atá de dhíth chun na critéir iomlán leagtha amach don stádas Brataí Goirme a bhaint amach m.sh. leithris, páirceáil, gardaí tarrthála, srl.

Is riachtanas don Ghradam Cósta Glas é páirteachas pobail trí ghrúpaí áitiúla cúram cósta agus ba mhaith le Comhairle Contae Chorcaí sárobair agus tiomantas ár bpobal áitiúil / grúpaí cúram cósta a mholadh ó thaobh bainistiú agus cothabháil a gcósta áitiúil.

Is féidir teacht ar tuilleadh eolais maidir le gradam Cósta Glas ag www.cleancoasts.org.