Oibríochtaí na gCeantar Bardasach agus Forbairt Tuaithe

Scéimeanna Cistiúcháin Pobail na gCeantar Bardasach 2024

Tá Comhairle Contae Chorcaí tiomanta do thacú le pobail áitiúla ar fud Chontae Chorcaí. Tá cúnamh airgeadais ar fáil do ghrúpaí pobail & deonacha chomh maith le heagraíochtaí áitiúla trí na Scéimeanna Cistiúcháin Pobail 2024. Tá na scéimeanna seo á riaradh ag na 8 gCeantar Bardasach timpeall Chontae Chorcaí agus tá trí shruthanna maoinithe ar leith ann ag brath ar chineál agus costas do thogra.

  1. Scéim an Chiste Chaipitil 
  2. Scéim na gConarthaí Pobail 
  3. Scéim an Chiste Taitneamhachta 

Osclaíonn iarratais ar an Scéim ar an 10 Eanáir 2024 agus is é an dáta deiridh chun  glacadh le hiarratais chomhlánaithe ná 4 in, Dé Máirt an 13 Feabhra 2024.