Na hEalaíona

Dheiseanna Maoinithe sna hEalaíona

Tugann Comhairle Contae Chorcaí tacaíocht d’ealaíontóirí, do scoileanna, agus d’eagraíochtaí ealaíona agus pobail i gceantar riaracháin Chontae Chorcaí go bliantúil trí na scéimeanna cuntas deontais seo a leanas:

  1. SCÉIM DEONTAIS SNA HEALAÍONA

Cuireann Scéim Deontais sna hEalaíona Chomhairle Contae Chorcaí cúnamh airgeadais nó eile ar fáil do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí a raibh baint acu i ngníomhaíochtaí agus in imeachtaí ealaíona a chur i láthair agus a chur chun cinn i gContae Chorcaí. 

Tá Scéim Deontais sna hEalaíona ar oscailt do ghrúpaí ealaíona bunaithe nó nua, d’ealaíontóirí, d’fhéilte nó grúpaí eile ar mian leo gníomhaíocht ealaíona chruthaitheach a dhéanamh i gceantar riaracháin Chomhairle Contae Chorcaí.

  1. SCÉIM EALAÍONTÓIRÍ SNA SCOILEANNA

Cuireann Scéim Ealaíontóirí sna Scoileanna ar chumas na ndaltaí bunscoile agus iar-bhunscoile agus baill foirne obair i gcomhar le healaíontóir a oibríonn in aon chineál ealaíne ar thogra cruthaitheach. 

Tá gach bunscoil agus iar-bhunscoil agus ionad Ógtheagmhála de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna i gContae Chorcaí incháilithe le cur isteach air.

  1. NA hEALAÍONA ATÁ BUNAITHE AR GHAEILGE

Iarrann Comhairle Contae Chorcaí ar thograí ó ealaíontóirí aonair, eagraíochtaí ealaíon gairmiúla, féilte agus grúpaí ealaíon deonacha d’imeachtaí, tionscadail nó gníomhaíochtaí ealaíon atá bunaithe i nGaeilge. Is í aidhm an snáithe maoinithe seo ná tacú le saothar nua a chruthú nó imeacht, tionscadal nó gníomhaíocht ealaíon atá bunaithe ar an nGaeilge a chur chun cinn.

  1. SCÉIMEANNA SPARÁNACHTA AGUS CÓNAITHEACHTA 

Tá na Scéimeanna Sparánachta agus Cónaitheachta ar oscailt do gach ealaíontóir atá ag maireachtáil faoi láthair i gceantar riaracháin Chomhairle Contae Chorcaí.  

A)    SPARÁNACHT CHRUTHAITHEACH NA N-EALAÍONTÓIRÍ  

Tá sé mar aidhm ag an scéim seo tacú leis an bhforbairt chruthaitheach d’obair nua ó ealaíontóirí a bhíonn ag cleachtadh a gceirde atá ina gcónaí de ghnáth i gceantar riaracháin Chontae Chorcaí. D’fhéadfadh ealaíontóir iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chun obair ar leith a chruthú nó le haghaidh tréimhse taighde do thionscadal nua; nó meascán den dá rud. 

B)    TURAS AGUS TAISPEÁNTAS IDIRNÁISIÚNTA

Cuireann an Dámhachtain Idirnáisiúnta Turasóireachta agus Taispeántais cúnamh airgeadais ar fáil d’ealaíontóirí chun a saothar a léiriú nó a thaispeáint go hidirnáisiúnta. Níl ach ealaíontóirí a bhíonn ag cleachtadh a gceirde agus atá lonnaithe i gcontae Chorcaí incháilithe chun iarratas a dhéanamh.

C)    IONAD SPARÁNACHTA GUTHRIE THÍR EOGHAIN

Cuireann Comhairle Contae Chorcaí dhá sparánacht ar fáil gach bliain chun tréimhse oibre coicíse a dhéanamh in Ionad Guthrie Thír Eoghain, Eanach Mhic Dheirg, Co. Mhuineacháin. Níl ach ealaíontóirí a bhíonn ag cleachtadh a gceirde agus atá lonnaithe i gcontae Chorcaí incháilithe chun iarratas a dhéanamh.

D)    SPARÁNACHT FONDÚIREACHTA SNA HEALAÍONA I MBAILE AN GHLEANNA

Cuireann Comhairle Contae Chorcaí sparánacht amháin ar fáil gach bliain d’ealaíontóir a ghlacann cónaitheacht coicíse air féin i bhFondúireacht sna hEalaíona i mBaile an Ghleanna, Co. Mhaigh Eo. Níl ach ealaíontóirí a bhíonn ag cleachtadh a gceirde agus atá lonnaithe i gcontae Chorcaí incháilithe chun iarratas a dhéanamh.

E)     CÓNAITHEACHT CHOMHAIRLE CONTAE CHORCAÍ / CENTRE CULTUREL IRLANDAIS (iarratas ar leith trí CCI)

Tugann Comhairle Contae Chorcaí tacaíocht chun cónaitheacht 1-míosa a chur ar fáil i Centre Culturel Irlandais, Páras gach bliain d’ealaíontóirí a bhíonn ag cleachtadh a gceirde agus atá lonnaithe i gcontae Chorcaí.

Tá an fhoirm iarratais ar líne agus na treoirlínte ar fáil ar an nasc seo a leanas 'Foirm Iarratais agus Treoirlínte Ar Líne'.

Tá treoirlínte agus breis eolais ar Dheiseanna Maoinithe sna hEalaíona atá ar oscailt d’iarratais ar fáil ar  Yourcouncil.ie

Chun an t-eolas is déanaí a fháil ar dheiseanna maoinithe cláraigh don nuachtlitir le do thoil.