Rialú Dóiteáin & Foirgníochta

Nuashonrú Sábháilteachta Dóiteáin Covid 19

An bhfuil tú ag obair nó ag staidéar sa bhaile? An eol duit na rioscaí laethúla sábháilteachta dóiteáin atá thart ort?

An bhfuil tú ag obair nó ag staidéar sa bhaile? An eol duit na rioscaí laethúla sábháilteachta dóiteáin atá thart ort? Comhairle ar Shábháilteacht ó Dhóiteán - Ag Obair/Ag Staidéar Sa Bhaile (pdf).

An úinéir nó bainisteoir áitribh tráchtála tú?

Ba chóir duit a bheith feasach ar an tábhacht a bhaineann le bainistiú sábháilteachta dóiteáin, beag beann ar aon srianta atá i bhfeidhm mar gheall ar an Covid 19. Ba cheart duit a chinntiú nach mbíonn aon oiriúnuithe nó mionathruithe ar d’áitreabh atá beartaithe chun an riosca tarchuir Covid 19 a mhaolú, ag cur isteach ar shábháilteacht dóiteáin. agus go gcloíonn aon oibreacha tógála a theastaíonn ina leith seo go hiomlán leis na Rialacháin Foirgníochta agus na Rialacháin um Rialú Foirgníochta reatha. Cliceáil le do thoil ar an nasc seo a leanas chun tuilleadh eolais a fháil: Comhairle um Shábháilteacht ó Dhóiteán - Úinéirí Gnó (pdf).