Forbairt Eacnamaíochta agus Fiontraíocht

Energy Cork

Is cnuasach faoi thionchar an tionscail é Energy Cork a bhfuil mar aidhm aige gnímh chomhordaithe a ghlacadh chun fiontar agus fostaíocht a threisiú laistigh den earnáil fuinnimh i réigiún Chorcaí. Tá an cnuasach á thacú i bpáirt ag Comhairle Contae Chorcaí trína Ciste um Fhorbairt Eacnamaíoch.  Is rannpháirtí gníomhach í an Chomhairle ar Choiste Stiúrtha an chnuasaigh agus glacann sí páirt freisin i roinnt foghrúpaí téamúla lena n-áirítear na foghrúpaí a phléann le hIompar agus Soláthar Fuinnimh. Is féidir tuilleadh eolais faoi bhallraíocht agus gníomhaíochtaí an chnuasaigh a fháil ar www.energycork.ie.