Oidhreacht agus Caomhnú

Seachtain na hOidhreachta

Is ceiliúradh naoi lá í Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta ar an oidhreacht atá le tairiscint ag Éire.

Is cuid de thionscnamh feadh na hEorpa é chun cur leis an bhfeasacht agus an meas ar an oidhreacht atá mórthimpeall orainn. Tá Seachtain na hOidhreachta ag fáil níos treise agus níos treise anseo i gContae Chorcaí agus bíonn os cionn 150 Imeacht Sheachtain na hOidhreachta in os cionn 50 láthair sa Chontae go bhliantúil.

'Tugann na milliúin Eorpach cuairt ar shéadchomharthaí agus láithreacha stairiúla ar fud na hEorpa gach bliain ar Laethanta Oidhreachta na hEorpa.

Is comhthionscnamh é sin idir Comhairle na hEorpa agus an tAontas Eorpach ina nglacann os cionn ceathracha tír páirt ann gach bliain. Is í an phríomhaidhm atá le Laethanta Oidhreachta na hEorpa ná cur leis an bhfeasacht ar ár n-oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha agus oidhreacht chultúrtha chomhchoiteann na hEorpa a chur chun cinn. In Éirinn déanann muid ceiliúradh ar Laethanta Oidhreachta na hEorpa le seachtain iomlán imeachtaí i rith Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta.

Déanann An Chomhairle Oidhreachta comhordú ar Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta agus é mar aidhm aici cur le feasacht agus oideachas maidir leis an oidhreacht agus daoine a spreagadh ar an mbealach sin lena choimeád agus a chaomhnú.

Bíonn cuid mhaith eagraíochta náisiúnta agus na céadta eagraíocht ó phobail áitiúla rannpháirteach trí imeachtaí a rith ar fud na tíre sa tseachtain dheireadh de Mhí Lúnasa. Bíonn go leor de na himeachtaí a bhíonn ar siúl i rith na seachtaine saor in aisce agus cuireann an clár béim ar an obair mhór agus obair iontach a déantar i bpobail uile na hÉireann chun ár n-oidhreacht nádúrtha, thógtha agus chultúrtha a chur chun cinn.

Ghlac An Chomhairle Oidhreachta leis an ról mar chomhordaitheoir ar Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil in 2005.  Ó shin i leith tá fás tagtha ar an tseachtain agus tá clár fíor-rathúil le os cionn 1700 imeacht ar bun anois le linn seachtaine i Mí Lúnasa gach bliain’.   

(foinse: www.heritageweek.ie)

Má tá suim agat páirt a ghlacadh i Seachtain na hOidhreachta nó má tá gá agat le tuilleadh eolais cuir glaoch gutháin le do thoil ar (021) 4285905 nó seol r-phost chuig cork.heritage@corkcoco.ie