An Tionscadal Náisiúnta um Éifeachtúlachta Fuinnimh maidir le Soilsiú Poiblí – Réigiún an Iardheiscirt

Údarás Ceannais do Réigiún an Iardheiscirt

Tá Comhairle Contae Chorcaí ag gníomhú mar Phríomhúdarás Réigiún an Iardheiscirt chun soilse poiblí thar chúig Údarás Áitiúla a iarfheistiú le soilse LED atá tíosach ar fhuinneamh. Beidh na soilse nua seo níos saoire le rith, níos fearr don chomhshaol agus tabharfaidh siad solas níos glaine uathu.

I Réigiún an Iardheiscirt, tá na limistéir fheidhmiúil de na cúig Údarás Áitiúla seo a leanas, lena n-áirítear sócmhainní náisiúnta soilsithe bóthair de chuid Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ):

 

  • Comhairle Contae Chorcaí
  • Comhairle Contae an Chláir
  • Comhairle Contae Chiarraí
  • Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
  • Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge

Sainoidhrítear sa tionscadal athsholáthar de thart ar 77,000 solas poiblí thar thréimhse dhá bhliain go leith agus, dá bharr, beidh coigilteas fuinnimh agus costas cothabhála de (thart ar) €48 milliún d'údaráis áitiúla sa réigiún sa fiche bliain atá romhainn. Cabhróidh athnuachan an chórais shoilsithe phoiblí leis na hÚdaráis Áitiúla astaíochtaí CO2 a laghdú agus éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlachta Fuinnimh (PGNÉF).

Soilsiú poiblí atá tíosach ar fhuinneamh - na heochairfhíricí:

  • Úsáideann soilse LED leath den fhuinneamh a úsáideann soilse poiblí traidisiúnta, agus is féidir iad a lagú ag amanna cuí, rud a chuireann 7% le héifeachtúlacht atá ag 26% cheana féin. Le laghdú in úsáid fhuinnimh, tarlóidh laghdú in astaíochtaí díobhálacha CO2. 
  • Nuair a laghdaítear úsáid fhuinnimh, laghdaítear costais fhuinnimh freisin. 
  • Agus teicneolaíocht LED ag dul chun cinn, ceadaíonn soilse LED timpeallacht fhísiúil fheabhsaithe, sábháilteacht phoiblí níos fearr agus laghdú i dtruailliú solais.
  • Níl teochtaí arda oiriúnach do shoilse LED, agus mar sin de oireann siad go maith d'Éireann. (Mar is fionnuaire an teocht sea is fearr a oibreoidh an solas).
  • Cuireann an tionscadal deis ar fáil faisnéis ar bhainistíocht shócmhainní a bhailiú chun líonra an tsoilsithe phoiblí a bhainistiú ar bhealach níos fearr

Cuireann gach Údarás Áitiúil sa réigiún maoiniú ar fáil don tionscadal tríd iasacht a fháil ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is tionscadal féinmhaoinithe é seo toisc go ndéanfaidh an coigilteas fuinnimh agus cothabhála cúiteamh ar na costais a bhaineann le caipiteal.

Uasdátú Réigiúnach

Fuair an réigiún seo comhairleoir agus conraitheoir dearadh tógála ar mhaithe leis an tionscadal iarfheistithe a sholáthar.  

Síníodh an Conradh maidir le Seirbhísí Comhairleacha idir Comhairle Contae Chorcaí agus Arup ar an 4 Eanáir 2022. 

Síníodh an Conradh Oibreacha idir Comhairle Contae Chorcaí agus Cuibhreannas Le Chéile, ina bhfuil Enerveo Ireland Teo, AI Read Electrical Ireland Teo. & Electric Skyline Teo. ar an 28 Eanáir 2022.

Ócáid le haghaidh an Conradh Oibreacha a Shíniú

 

Thosaigh suirbhéireacht na sócmhainní soilsithe poiblí sa réigiún ar an 25 Aibreán 2022 i gContae Chorcaí.

Garspriocanna Barrthábhachtacha

Gníomhaíocht

An Conradh Oibreacha

An Conradh maidir le Seirbhísí Comhairleacha

Stádas

Ríomhthairiscintí á bhFoilsiú

1 Deireadh Fómhair 2020

2 Deireadh Fómhair 2020



Críochnaithe

Tairiscintí á dTabhairt ar ais

8 Eanáir 2021

15 Nollaig 2020



Críochnaithe

Litir Intinne á hEisiú

20 Lúnasa 2021

6 Lúnasa 2021



Críochnaithe

Bronnadh an Chonartha

31 Nollaig 2021

9 Nollaig 2021



Críochnaithe

Dáta an Chonartha

28 Eanáir 2022

4 Eanáir 2022



Críochnaithe

Dáta Tosaithe

31 Eanáir – 24 Aibreán 2022

-



Críochnaithe

An Conraitheoir a chur ag gluaiseacht / 

a chur ar bun

31 Eanáir – 24 Aibreán 2022

-



Críochnaithe

Tosach na Suirbhéireachta

25 Aibreán 2022

-



Críochnaithe

Críoch an Chonartha

31 Iúil 2024

31 Iúil 2026

Leanúnach/le críochnú

Tréimhse Lochtanna

31 Iúil 2024 – 31 Iúil 2026

31 Iúil 2024 – 31 Iúil 2026

Leanúnach/le críochnú

 

Uasdátú ar Dhul Chun Cinn an Chonartha Oibreacha

Chun tuilleadh eolais a fháil ar dhul chun cinn an tionscadail i do limistéar laistigh den réigiún seo, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an chonraitheora lecheilelighting.ie.