Boithre Agus Iompar

Bearradh Fálta agus Crann

Faoi Alt 70 d'Acht na mBóithre, 1993, tá sé de fhreagracht ar úinéirí agus sealbhóirí talún an oiread cúraim agus atá réasúnach a ghlacadh chun a chinntiú nach bhféadfadh crainn, díoga, fálta nó aon fhásra eile atá ag fás ar a dtalamh a bheith ina chontúirt do dhaoine atá ag úsáid nó ag oibriú ar bhóthar poiblí. Seo a leanas samplaí de roinnt de na guaiseacha a d'fhéadfadh a bheith ann: crainn atá ag fáil báis, díoga nó fálta a chuireann isteach ar thrácht, a bhlocálann cosán, a chlúdaíonn comharthaí bóthair nó a dhéanann radharc ar an mbóthar a cheilt. Tá sé de dhualgas ort a leithéid de chrainn, díoga agus fálta a leagan, a ghearradh, a ghearradh siar nó a bhaint chun nach mbeadh siad ina nguaiseacha do dhaoine nó do mhaoin sa cheantar. Ba cheart go gcuirfí ar fáil comharthaíocht leordhóthanach agus ba chóir aon oibreacha atá á gcur ar bun a chur in iúl don Chomhairle agus do na Gardaí sula dtosaíonn na hoibreacha. Níor cheart dul i mbun bearradh fáil ach amháin sa tréimhse taobh amuigh de shéasúr criticiúil an ghoir ón 1 Márta go 31 Lúnasa. Maíonn Acht na mBóithre go mbeidh freagracht ar an úinéir/sealbhóir talún as aon dliteanas atá mar thoradh ar dhamáiste nó gortú a eascraíonn óna leithéid de ghuaiseacha.

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le hOifig Innealtóir an Cheantair Bhardasaigh áitiúil.

Más mian leat fadhb a bhaineann le crainn nó fálta a thuairisciú, úsáid ár dtairseach ar líne.