Boithre Agus Iompar

Scéim Feabhsaithe Áitiúil

Is éard a bhíonn i gceist le Scéim Feabhsaithe Áitiúil ná scéim chun oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar bhóithre príobháideach/neamhphoiblí. Féadfaidh Comhairle Contae Chorcaí na hoibreacha a chur i gcrích de réir an mhaoinithe chuí a bheith curtha ar fáil don Scéim ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Beidh feidhm ag ranníocaíocht áitiúil airgeadais de 10% ó iarratasóirí maidir le bóithre incháilithe ar a bhfuil cúig shealbhóir tí/úinéir talún nó níos lú, nó 15% maidir le bóithre incháilithe ar a bhfuil sé shealbhóir tí/úinéir talún nó níos mó. Is í an ranníocaíocht is mó is iníoctha ag aon teaghlach/úinéir talún ar leith ná €1,200.

Foirm Iarratais ar an Scéim Feabhsaithe Áitiúil lena n-áirítear Téarmaí agus Coinníollacha na Scéime

Foirm Iarratais ar an Scéim Feabhsúcháin Áitiúil 14 (a) Liosta Tairbhithe

Foirm Iarratais ar an Scéim Feabhsúcháin Áitiúil 14 (b) Sonraí Tairbhí