Boithre Agus Iompar

Treoir faoi úsáid na Gaeilge do Bhainistíocht Shealadach an Tráchta ar Bhóithre Poiblí

Cuirtear an cháipéis treorach seo ar fáil le cabhrú le haon duine a bhfuil sé i gceist acu oibreacha a dhéanamh nó atá i mbun oibreacha ar Bhóithre Poiblí inarb í Comhairle Contae Chorcaí an tÚdarás Bóithre reachtúil, maidir lena ndualgais chun an Ghaeilge a úsáid i ndáil le Bainistíocht Tráchta Sealadach.

Ba chóir an cháipéis seo a léamh i gcomhar leis an Lámhleabhar Comharthaí Tráchta agus leis an gcáipéis Treoir Dhearaidh um Bainistíocht Tráchta Sealadach a d’eisigh an Roinn Iompair.