An Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2025

Réamhrá

Faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2025, tabharfar tacaíocht do thionscadail ar fud na hÉireann agus cuirfear béim ar athbheochan eacnamaíoch agus shóisialta i lár bailte trí fhostaíocht inbhuanaithe a chruthú.

Beidh tionscadail ag teacht le cuspóirí bheartais an Rialtais, Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, Lár Bailte ar dTús agus Ár nOileáin Bheo, agus beidh siad dírithe ar:

  • Athbheochan lár bailte a chur chun cinn;
  • tacú le pláis a fhorbairt i lár bailte nó sráidbhailte;
  • spásanna glasa nó áiseanna fóillíochta a fhorbairt i lár bailte nó sráidbhailte;
  • feabhas a chur ar shráid-dreacha;
  • tacú le margaí i lár bailte nó sráidbhailte;
  • ionaid phobail a fheabhsú nó a athchóiriú;
  • úsáid nua a bhaint as foirgnimh fholmha agus thréigthe mar spásanna pobail ilfheidhme;
  • tacú le pobail bhríomhara, inbhuanaithe Ghaeltachta agus le pobail oileánacha ar oileáin amach ó chósta na hÉireann a bhfuil daoine ag cónaí orthu.

Léirithe Spéise

Tá Léirithe Spéise á lorg ag Comhairle Contae Chorcaí anois maidir leis na nithe seo a leanas:

  1. An Phríomhscéim

Beidh an maoiniú deontais do thionscadail idir €50,000 agus €500,000.

Áirítear leis na cineálacha gníomhaíochtaí a fhéadtar tacú leo faoi Phríomhscéim na Scéime Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2025:

  • Tionscadail athbheochana a chuidíonn le hathbheochan agus le hacmhainneacht a fhorbairt inár mbailte agus sráidbhailte tuaithe, i gcomhréir leis an mBeartas Lár Bailte ar dTús, trí athbheochan phleanáilte agus inbhuanaithe
  • Tionscadail forbartha a spreagfaidh gníomhaíocht gheilleagrach agus níos mó daoine chuig an áit, a thabharfaidh aghaidh ar fhoirgnimh fholmha agus ar fhoirgnimh thréigthe agus a chinnteoidh go n-athúsáidfear foirgnimh oidhreachta agus foirgnimh eile atá ann cheana féin
  • Tionscadail chun tacú le pobail bhríomhara inbhuanaithe Ghaeltachta agus/nó le pobail oileánacha ar oileáin amach ó chósta na hÉireann a bhfuil daoine ag cónaí orthu
  • Uasghrádú nó athchóiriú ar ionaid phobail (áit a bhfuil riachtanas / réasúnaíocht aitheanta go soiléir – tá ceistneoir breise i gceist)
  • Tacaíocht d'fhorbairt áiseanna cianoibre. I bhfianaise líon na mol ar tugadh tacaíocht dóibh go dtí seo, ní mór d'aon iarratas a fhaightear a bhfuil mol mar chuid de (féach Aguisín 2 do threoir rangúcháin moil) éileamh/riachtanas soiléir ar áis den sórt sin a léiriú go sainráite agus go gcuirfear breisíocht shoiléir ar fáil - ceanglófar ar aon iarratais den sórt sin faisnéis a sholáthar maidir le riachtanas/éileamh/breisíocht agus rannpháirtíocht leis na páirtithe leasmhara ábhartha
  • Tionscadail chun tacú le bunú nó athbheochan margaí lár bailte nó sráidbhailte (m.sh. margaí feirmeoirí, margaí faoin aer, margaí trádálaithe áitiúla, margaí ceardaithe nó a leithéid) – m.sh. oibreacha talún, stainníní a chur ar fáil, trealamh agus soláthar seirbhísí. Ní mór margaí a thógáil ar phrionsabail eiticiúla agus inbhuanaitheachta le cinntiú go mairfidh siad i bhfad agus ní mór iad a fhorbairt le hinfheictheacht ard agus le réimse poiblí feabhsaithe a mheallfaidh líon mór custaiméirí
  • Tionscadail chun pláis lár bailte / sráidbhailte a fhorbairt, spásanna poiblí bia lasmuigh, páirceanna, spásanna glasa (lena n-áirítear cuibhrinn agus gairdíní pobail) agus spásanna/áiseanna fóillíochta (lena n-áirítear áiseanna spóirt lasmuigh amhail páirceanna scátála, cúirteanna cispheile, cúirteanna leadóige, srl.) i lár bailte chun moil bhríomhara a dhéanamh ionas go mbeidh an pobal in ann sult a bhaint astu agus chun líon na gcustaiméirí a mhéadú do ghnólachtaí áitiúla. I gcás ina gcuirtear plás, spás bia lasmuigh, amfaitéatar nó a leithéid san áireamh i dtogra, ba cheart machnamh a dhéanamh ar shoilsiú poiblí cuí a thacaíonn le soghluaisteacht, inrochtaineacht, sábháilteacht agus slándáil chun a chinntiú gur féidir na spásanna a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí sa tráthnóna agus san oíche. Ní bhreithneofar iarratais ar mhaoiniú ach amháin sa chás go bhfuil na maoine agus/nó tailte faoi úinéireacht phoiblí nó faoi úinéireacht phobail nó ar léas
  • Tionscadail chun tacú le huasghrádú agus feabhsú aghaidheanna siopaí agus aghaidheanna sráide (múrphictiúir san áireamh) i mbailte agus i sráidbhailte. Moltar d'údaráis áitiúla dul i dteagmháil le húinéirí gnó agus le húinéirí réadmhaoine áitiúla chun plé a dhéanamh ar an gcaoi is féidir le tionscadail ghrúpa dath agus beocht a chur leis na príomhshráideanna
  • Tionscadail a bhaineann úsáid nua as foirgnimh agus láithreáin fholmha agus thréigthe mar spásanna ilfheidhme. Áirítear leis seo athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh fholmha agus thréigthe nó láithreáin laistigh den bhaile nó den sráidbhaile a fhorbairt mar acmhainní pobail ilfheidhme. Áirítear le húsáid ilfheidhme spásanna fiontraíochta, na healaíona, turasóireacht, moil óige, páirceanna, páircíní, cuibhrinn, áiteanna súgartha agus úsáidí pobail eile
  • Tionscadail a thacaíonn leis an ngeilleagar oíche agus a chuireann feabhas air i gcomhréir le moltaí ó Thascfhórsa an Gheilleagair Oíche
  • Feabhas a chur ar áiseanna oidhreachta (m.sh. músaeim áitiúla/áiteanna a mbíonn an-tóir ag turasóirí orthu atá dírithe ar ghnéithe stairiúla den cheantar, láithreáin/foirgnimh oidhreachta, srl.) atá lonnaithe i mbailte agus i sráidbhailte, lena n-áirítear bearta éifeachtúlachta fuinnimh
     
  1. An Beart Forbartha Tionscadail
  • Cuirfidh an Beart Forbartha Tionscadail (PDM) suas le €50,000 ar fáil in aghaidh an tionscadail.
  • Is é cuspóir an PDM cabhrú le húdaráis áitiúla sraith de thionscadail shuntasacha, dea-fhorbartha a bhunú a d’fhéadfaí a chur ar aghaidh go tapa agus go héifeachtúil ina dhiaidh sin go dtí céim na tógála, faoi réir maoiniú breise a bheith ar fáil.
  • Bronnfar maoiniú le haghaidh na gcostas réamhfhorbartha a bhaineann le tionscadail chun cabhrú le pobail iarratais a fhorbairt le haghaidh glaonna maoinithe amach anseo.

Is é 5.00pm, Dé Céadaoin an 14 Bealtaine 2025, an dáta deiridh chun foirmeacha Léirithe Spéise comhlánaithe a fháil. Is féidir na foirmeacha a sheoladh ar ríomhphost chuig [email protected] nó iad a sheoladh tríd an bpost chuig an Oifig Cheantar Bardasach is ábhartha duit, Oifigí Ceantair Bhardasacha.

Ní ghlacfar le Léirithe Spéise ach amháin ar an bhFoirm fhorordaithe um Léiriú Spéise.

Ní ghlacfar le Léirithe Spéise a fhaightear tar éis an ama agus an dáta deiridh.