Comhshaol

Cad is féidir le hÚdarás Áitiúil a dhéanamh faoi Dhumpáil nó Bruscar Mídhleathach?

Is cion é:

  • do dhramhaíl a dhumpáil go mídhleathach
  • do dhramhaíl a thabhairt do bhailitheoir nach bhfuil ceadúnas bailithe dramhaíola bailí aige
  • dramhaíl a bhailiú gan cheadúnas bailithe dramhaíola.

Mhéadaigh na dlíthe frithbhruscair cumhachtaí na n-údarás áitiúil chun fadhb na dumpála mídhleathaí bruscair a chomhrac. Má fheiceann tú aon duine ag dumpáil go mídhleathach, ba cheart duit é sin a chur in iúl do d'údarás áitiúil a dhéanfaidh iniúchadh agus a ghlacfaidh na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin is gá.

Má aimsíonn údarás áitiúil ábhar a dumpáladh go mídhleathach agus má dhéantar céannacht úinéir an ábhair a shuíomh, beidh cás le freagairt ag an duine sin cibé an rugadh san ócáid air nó nár rugadh. Ina theannta sin, tá cumhachtaí breise ar fáil ag d'údarás áitiúil chun ceangal a chur ar shealbhóir tí nó ar oibritheoir gnó an áit a bhfuil siad ag fáil réidh lena dhramhaíl a nochtadh. Tá sé sin ábhartha go háirithe mura bhfuil an sealbhóir tí nó an t-úinéir gnó ag úsáid seirbhís bailithe bruscair nó mura bhfuil siad ag tabhairt a gcuid dramhaíola chuig saoráid diúscartha údaraithe.