Comhshaol

Cáilíocht Aeir a Chosaint

Ta sé mar chuid d'obair na Stiúrthóireachta Comhshaoil, a bhfuil a príomhoifigí ag Inis Cara, Contae Chorcaí, Cáilíocht Aeir a chosaint.

Tá na feidhmeanna seo a leanas mar chuid dá cuid oibre:

  • Freagra a thabhairt ar ghearáin agus ar eachtraí a bhaineann le truailliú aeir.
  • Monatóireacht a dhéanamh ar Limistéir ar Bheagán Deataigh an Chontae/na Cathrach - áirítear leis an obair sin iniúchtaí/sampláil agus forfheidhmiú breosla sholadaigh.
  • Astuithe tionsclaíocha maidir le gníomhaíochtaí sonraithe a cheadúnaigh agus monatóireacht a dhéanmh orthu de réir an tAcht um Thruailliú Aeir, 1987 - féach Nasc maidir le Monatóireacht Aeir Tionsclaíocha thíos.
  • Gníomhaíochta áirithe ina n-úsáidtear substaintí a bhfuil Comhdhúile So-ghalaithe Orgánacha (CSO) mar chuid díobh a cheadúnaigh e.g. tirimghlantóirí, spraephéintéirí, agus stáisiúin peitril.
  • Monatóireacht ar dheannach chomhthimpeallach maidir le gníomhaíochtaí áirithe, e.g. cairéil, forbairtí foirgnimh, agus lastais long a dhíluchtú.
  • Iarratais phleanála a mheas ó thaobh truaillithe aeir de agus monatóireacht a dhéanamh ar aon choinníoll truaillithe aeir a bhaineann le ceadanna pleanála.
  • Fianaise a ullmhú le haghaidh imeachtaí coiriúla agus sibhialta, éisteachtaí ó bhéal, agus a bheith i láthair mar fhinnéithe saineolacha.

Cuirtear cláir ar fáil maidir le hoibreoirí atá ceadúnaithe faoi láthair maidir le Tirimghlantóirí, hAthchríochnaitheoirí Feithiclí (pdf) agus hAstuithe Gal Pheitriliam (pdf).

Léirítear sna cairteacha thíos na meánléithe cáithníneacha agus gáis a bhailigh na stáisiúin mhonatóireachta i gContae Chorcaí. Déantar tomhais a thaifeadadh go tráthrialta i rith an lae. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag airquality.ie.