Comhshaol

Ceadanna Dramhaíola agus Deimhnithe Clárúcháin

Tá Rannóg na gCeadanna Dramhaíola de chuid Chomhairle Contae Chorcaí mar chuid den Roinn Comhshaoil agus tá sí freagrach as Ceadanna Saoráid Dramhaíola agus Deimhnithe Clárúcháin a riar agus a eisiúint i limistéar feidhmiúil Chomhairle Contae Chorcaí.

Aistríodh an fhreagracht as Ceadanna Bailithe Dramhaíola a eisiúint go dtí an Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola (NWCPO), Comhairle Contae Uíbh Fhailí ar an 1 Feabhra 2012.  Tá tuilleadh faisnéise ar fáil thíos,

(Na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Cead agus Clárú Saoráide), I.R. Uimh. 821 de 2007 arna leasú)

Faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996 arna leasú agus na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Cead agus Clárú Saoráide), I.R. Uimh. 821 de 2007 arna leasú, tá sé de fhreagracht ar Chomhairle Contae Chorcaí ceadanna dramhaíola nó deimhnithe clárúcháin a eisiúint d'iarratasóirí ar mian leo tabhairt faoi ghníomhaíochtaí diúscartha nó aisghabhála dramhaíola ag suíomhanna ainmnithe i gContae Chorcaí.

Le bheith in ann glacadh le dramhaíl amhail earraí tráchtála agus teaghlaigh in-athchúrsáilte, dramhaíl tógála agus scartála, fo-ithir, boinn, earraí leictreacha, cadhnraí agus dramhaíl tí, srl. ag saoráid i gContae Chorcaí, ní mór iarratas ar chead saoráid dramhaíola nó ar dheimhniú clárúcháin a chur faoi bhráid Chomhairle Contae Chorcaí. Tá gach saoráid eile i gContae Chorcaí nach rialaíonn Comhairle Contae Chorcaí iad ceadúnaithe ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC).

Is cion é fáil réidh le dramhaíl ag saoráid nach bhfuil Cead Dramhaíola/Deimhniú Clárúcháin ná Ceadúnas Dramhaíola aici.

Cinntigh go bhfuil cead saoráid dramhaíola, deimhniú clárúcháin nó ceadúnas dramhaíola reatha ag úinéir / bainisteoir / oibreoir na saoráide dramhaíola sula n-úsáideann tú saoráid chun fáil réidh le dramhaíl nó chun dramhaíl a aisghabháil nó a athchúrsáil.

Clár Saoráidí Dramhaíola an Údaráis Áitiúil

Is clár lárnach de na ceadanna dramhaíola agus deimhnithe clárúcháin uile atá bronnta, athbhreithnithe, tarraingthe siar agus imithe in éag é Clár Saoráidí Dramhaíola an Údaráis Áitiúil arna óstáil ag an Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola. 

Ní mór gach iarratas ar Chead Saoráid Dramhaíola/Dheimhniú Clárúcháin a dhéanamh ar an bhfoirm iarratas oifigiúil agus í a sheoladh chuig Comhairle Cathrach Chorcaí, Roinn Comhshaoil, Inis Cara, Co. Chorcaí.

Chun rochtain a fháil ar fhoirmeacha iarratais, lena n-áirítear nótaí treoracha maidir le Ceadanna Saoráid Dramhaíola agus Deimhnithe Clárúcháin (.i. le haghaidh foirm iarratais ar Chead Saoráid Dramhaíola/ar Dheimhniú Clárúcháin, le haghaidh foirm iarratas ar tabhairt suas, nó le haghaidh foirm iarratais ar aistriú), téigh go dtí an nasc seo a leanas



Chun iarratas a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil faoi Alt 11 de na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Cead agus Clárú Saoráide), I.R. Uimh. 821 de 2007 arna leasú maidir le cinneadh an dteastaíonn ceadúnas dramhaíola, cead saoráid dramhaíola, deimhniú clárúcháin nó ceann ar bith de na rudaí sin ó ghníomhaíocht, téigh go dtí an nasc seo a leanas.

Is féidir sonraí breise ar cheadanna saoráid dramhaíola nó deimhnithe clárúcháin a fháil ach teagmháil a dhéanamh ar ríomhphost leis an Stiúrthóireacht Chomhshaoil ar facilitypermit@corkcoco.ie

Cruinnithe Réamhiarratais

Moltar go rachfar i mbun comhairliúcháin nó cainteanna réamhiarratais le Comhairle Contae Chorcaí sula gcuirfear aighneacht oifigiúil faoi bhráid na Comhairle.

Is féidir Cruinniú réamhiarratais a eagrú ach dul i dteagmháil ar ríomhphost leis an Stiúrthóireacht Chomhshaoil  ar facilitypermit@corkcoco.ie

Deimhniú Clárúcháin - Sloda Camrais

Na Rialacháin um Bainistíocht Dramhaíola (Clárú Saoráid Sloda Camrais), 2010

Déanann na Rialacháin sin foráil ar chlárú agus rialú saoráidí sloda camrais chun go gcomhlíonfar riachtanais na Creat-Treorach Dramhaíola.  Tá saoráidí atá rialaithe cheana féin de réir reachtaíocht comhshaoil eile, amhail saoráidí ceadúnaithe de réir na hAchtanna um Bainistíocht Dramhaíola, eisiata.

Chun rochtain a fháil ar an bhfoirm iarratais a bhaineann le Saoráidí Sloda Camrais, téigh go dtí an nasc seo a leanas;

Más gá duit teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Comhshaoil de chuid Chomhairle Contae Chorcaí maidir le d'iarratas nó maidir le haon cheist atá agat a bhaineann leis na Rialacháin nó leis an bhfoirm iarratais, déan teagmháil léi ar na bealaí seo a leanas:

Stiúrthóireacht Chomhshaoil, Comhairle Contae Chorcaí, Inis Cara, Co. Chorcaí.



Facs: 021 4532727

Seoladh ríomhphoist: facilitypermit@corkcoco.ie

Ceadanna Bailithe Dramhaíola

Faoi na Rialacháin um Bainistíocht Dramhaíola (Cead Bailithe), 2007 arna leasú, ní mór dóibh siúd a bhfuil sé ar intinn acu tabhairt faoi ghníomhaíochtaí bailithe dramhaíola i gCeantar Feidhmiúil Chomhairle Contae Chorcaí iarratas a dhéanamh ar chead bailithe dramhaíola. Tá feidhm ag an riachtanas sin maidir le daoine aonair, cuideachtaí agus comhpháirtíochta.

Ón 1 Feabhra 2012, tá gach iarratas nua ar chead bailithe dramhaíola agus gach iarratas ar athbhreithniú ar cheadanna bailithe dramhaíola á bpróiseáil ag an Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola, Comhairle Contae Uíbh Fhailí, Áras an Chontae, Bóthar Bhaile an Bhóthair, Tulach Mhór , Co. Uíbh Fhailí, Teil: (057) 935 7428.

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil anseo.

Tá faisnéis reatha ar Shealbhóirí Cead Bailithe Dramhaíola atá ag oibriú sa Réigiún seo ar fáil anseo.

Fógraí um Iarratais ar Chead Bailithe Dramhaíola

Déantar foráil i rialacháin 2016 maidir le ceadanna bailithe dramhaíola gur féidir leis an Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola fógraí um iarratais ar chead bailithe dramhaíola a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin in ionad fógra i nuachtán.

Tá na fógraí sin ar fáil anseo.