Comhshaol

Dabhcha Séarachais

Déantar foráil san Acht um Sheirbhísí Uisce (Leasú), 2012 go dtabharfar isteach córas clárúcháin agus iniúchta d'ionaid chóireála fuíolluisce tís, lena n-áirítear dabhcha séarachais agus córais chomhchosúla.  Tugadh isteach é chun aghaidh a thabhairt ar rialú na Cúirte Breithiúnais Eorpaí in aghaidh na hÉireann i mí Dheireadh Fómhair 2009, agus níos tábhachtaí fós, chun cáilíocht screamhuisce agus uisce dromchla (foinsí uisce óil go háirithe) a chosaint ó na rioscaí a bhaineann le córas a bhfuil ainghléas air.

Ionaid chóireála fuíolluisce tís a chlárú

Is é €50 an táille chlárúcháin atá le híoc. Tá an táille ceaptha leis na costais a chlúdach do na húdaráis seirbhísí uisce, costais a bhaineann le cláir a riar agus le hiniúchtaí bunaithe ar riosca atá le déanamh a bhainistiú.  Déantar foráil sa reachtaíocht nach mór dóibh siúd atá faoi dhliteanais clárú déanamh amhlaidh ar an 1 Feabhra 2013 nó roimhe.  Tá an próiseas clárúcháin ar oscailt fós, áfach, agus ba cheart do shealbhóirí tí nach bhfuil cláraithe go fóill clárú a luaithe is féidir - níl aon táille as mallíocaíocht.   Is cion é de réir an Achta 2012 do shealbhóir tí gan chlárú, agus is é an pionós ar chiontú ná fíneáil suas le €5,000.   



Tá an reachtaíocht nua ceaptha chun an tionchar ar shealbhóirí tí a íoslaghdú agus ní bheidh aon táille iniúchta ann.  Is é an bunchaighdeán atá le comhlíonadh ag gach ionad cóireála fuíolluisce tís ná nach gcuireann sé sláinte duine ná an comhshaol i mbaol.  Déanann na rialacháin foráil freisin maidir le hoibriú agus cothabháil cuí ionad cóireála agus leagtar amach leo riachtanais maidir le sloda a bhaint

 

Chun do dhabhcha séarachais agus córais eile chóireála agus diúscartha fuíolluisce tís a chlárú, téigh go dtí Cosain ár nUisce

Plean Iniúchta Náisiúnta 2013

Faoin Acht um Sheirbhísí Uisce (Leasú), 2012 cuirtear de cheangal ar an GCC Plean Iniúchta Náisiúnta a chur ar fáil.  Léirítear sa Phlean an cur chuige le cur i bhfeidhm maidir le cigireachtaí.  Leagtar amach sa Phlean cur chuige dhá shraithe, a dhíríonn ar fheasacht agus ar fhreagracht úinéirí a ardú, agus ar an bpróiseas cigireachta. 

Treoir maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Iniúchta Náisiúnta ag Comhairle Contae Chorcaí (pdf)



Feachtas Feasachta Poiblí

Is é an chéad ghné den Phlean Iniúchta ná feachtas náisiúnta feasachta poiblí chun dea-chleachtas maidir le hionaid chóireála fuíolluisce tís a oibriú agus a chothabháil a chur chun cinn. Leathnóidh na hÚdaráis Seirbhísí Uisce an feachtas amach sula gcuirfear tús leis na hiniúchtaí dírithe bunaithe ar riosca.



Cuirfidh an feachtas sin úinéirí ionaid chóireála fuíolluisce tís ar an eolas maidir leis an ról is féidir a bheith acu chun a sláinte féin, sláinte a gcomharsana agus an comhshaol a chosaint. Cuirfear úinéirí ar an eolas maidir leis na céimeanna simplí is féidir leo tabhairt fúthu chun a gcórais a oibriú agus a chothabháil mar is ceart agus cuirfear leis an bhfeasacht ar na himpleachtaí sláinte a d'fhéadfadh a bheith ann nuair nach bhfuil ionad cóireála fuíolluisce tís ag oibriú i gceart. Ba cheart go gcinnteoidh an feachtas go bhfuil comhairle údarásach inrochtana curtha ar fáil dóibh siúd atá freagrach as ionaid chóireála fuíolluisce tís ionas gur féidir leo a sláinte féin, sláinte a dteaghlaigh, sláinte a gcomharsana agus an comhshaol a chosaint. 



Dabhcha Séarachais a Iniúchadh

Is é an dara gné den phlean ná iniúchtaí bunaithe ar riosca a dhéanamh. 

Féadfar iniúchadh a dhéanamh ar gach ceantar sa tír, agus tabharfar tosaíocht do cheantair inar mhó an riosca truaillithe ag córais chóireála fuíolluisce ar an láthair do cháilíocht uisce (uisce óil go háirithe).  Áirítear sa Phlean sonraí critéar riosca a úsáidfear agus íoslíon na n-iniúchtaí (in aghaidh an chontae) atá le déanamh le linn na chéad bhliana dá chur i bhfeidhm.  

Déantar iniúchtaí le cinntiú nach gcuireann ionaid chóireála fuíolluisce tís sláinte duine ná an comhshaol i mbaol.  Tá sé de cheangal ar úinéirí ionaid chóireála fuíolluisce tís a gcórais a oibriú agus a chothabháil i gceart, mar a éilítear faoin Acht um Sheirbhísí Uisce, 2007 agus faoin Acht um Sheirbhísí Uisce (Leasú), 2012.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ón Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil, ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus ar shuíomh gréasáin Cosain ár nUisce.