Comhshaol

Dramhaíl a Dhó

Tá sé mídhleathach dramhaíl tí nó gairdín a dhó sa bhaile nó i do ghairdín. Is féidir le dramhaíl a dhó a bheith ina núis do chomharsana agus is féidir leis an t-aer a thruailliú trí cheimiceáin dhíobhálacha a scaoileadh isteach ann.

D'fhéadfadh ceimiceáin thocsaineacha a bheith in earraí dramhaíola. D'fhéadfadh earraí saorga, leasaitheacha agus fiú plaisteach a bheith i ndramhaíl páipéir. Bíonn glóthacha, tuarthóirí agus plaisteach i gclúidíní aon uaire. Cóireáiltear go leor earraí adhmaid le ceimiceáin thocsaineacha chun lobh a chosc.

Cruthaíonn dó an chineál sin dramhaíola i dtinte neamhrialaithe ag teochtaí ísle fotháirgí tocsaineacha agus contúirteacha nach loitear sa tine ach a scaoiltear isteach san aer mar cháithníní súiche. D'fhéadfaí iad sin a análú nó a nigh amach ón aer sa chaoi is go sil-leagtar iad ar an gcré agus ar an bhfásra mórthimpeall, áit ar féidir leo dul isteach sa bhiashlabhra.

Dó agus an Dlí

Tá sé mídhleathach dramhaíl tí a dhó sa bhaile nó i do ghairdín. D'fhéadfadh go gcuirfí fíneáil suas go dtí €3,000 nó 12 mhí i bpríosún ar dhuine a dhónn dramhaíl tí ar chiontú go hachomair dó i gCúirt Dúiche.

Samplaí de shuíomhanna nach féidir leat dramhaíl tí nó gairdín a dhó iontu:

  • i mbaraille nó i gcarn nochtaithe sa chlós nó sa ghairdín
  • Ar thine chnámh
  • Ar thine oscailte, sorn nó ar ghléas breosla soladach
  • I mionloisceoir

Tá dóire dramhaíola agus gléasanna eile amhail mionloisceoirí agus loisceoirí tí, a d'fhéadfadh a bheith lonnaithe i bhfoirgnimh nó gairdíní, mídhleathach is cuma go bhfuil siad ceangailte le múchán nó nach bhfuil.

Is cion é dramhaíl a dhó faoin reachtaíocht bainistíochta dramhaíola agus faoin Acht um Thruailliú Aeir 1987. Déanann na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Cosc ar Dhiúscairt Dramhaíola trí Dhó) 2009 an dlí a neartú in aghaidh dó neamhrialaithe chun dramhaíl a dhiúscairt, dá ngairtear 'dó i gcúl an tí' freisin.

Dramhaíl Talmhaíochta a Dhó

Ón 30 Samhain 2023, ní cheadaítear dramhaíl neamhéillithe arna giniúint ag Cleachtais Talmhaíochta a dhó. Tá treoir dhea-chleachtais d'Earnáil na Talmhaíochta maidir le bainistiú inbhuanaithe na Dramhaíola Glaise Talmhaíochta in Éirinn ar fáil anseo.

Dramhaíl a dhiúscairt ar bhealach sábháilte

Tá seirbhís bailithe dramhaíola tí eagraithe ag formhór na limistéar sa chontae. Má roghnaíonn tú gan seirbhís bailithe dramhaíola eagraithe a úsáid, is féidir leat go leor de do dhramhaíl tí a dhiúscairt trí athchúrsáil agus múiríniú baile. Féadann tú saoráidí conláiste cathartha nó láithreáin líonadh talún a úsáid freisin.