Comhshaol

Dramhaíl Bhia

Cuirtear nach mór 100 milliún tonna bia amú gach bliain san AE (meastachán le haghaidh 2012). Mura dtabharfar aghaidh air sin, d'fhéadfadh méid na dramhaíola bia ardú go níos mó ná 120 milliún tonna faoi 2020. Ní hamháin gur fadhb eiticiúil agus gheilleagrach í bia a chur amú ach ídítear acmhainní nádúrtha teoranta an chomhshaoil freisin.

Seans gurb í an dramhaíl bhia an chuid in-athchúrsáilte neamhshaothraithe is mó de shruth na dramhaíola bardasaí agus tá teicnící aibí athghabhála i bhfeidhm chun déileáil leis, amhail múiríniú agus díleá anaeróbach.

Ó bhí 2013 ann, tá reachtaíocht, a chur leis na rialacháin maidir le dramhaíl bhia tráchtála a tógadh isteach in 2009, i bhfeidhm chun déileáil le dramhaíl bhia teaghlaigh agus le bithdhramhaíl (I.R. Uimh. 508 de 2009). Is é bunchuspóir an dá rialachán ná tacú le dualgais na hÉireann Treoir an AE maidir le Líonadh Talún (Treoir 99/31/CE) a chomhlíonadh. De réir na Treorach sin, is gá méideanna méadaitheacha na dramhaíola bardasaí in-bhithmhillte a atreorú ó láithreáin líonadh talún. Tá na rialacháin, arna leasú in 2015 (I.R. Uimh. 430 de 2015), ceaptha le scagadh agus aisghabháil dramhaíola bia a chur chun cinn i gcomhréir leis an mbeartas náisiúnta.

Cuireann na rialacháin maidir le dramhaíl bhia teaghlaigh dualgais ar shealbhóirí tí, bhailitheoirí dramhaíola agus shaoráidí cóireála dramhaíola. Tá sé de cheangal ar shealbhóirí tí a ndramhaíl bhia a scagadh, agus í a chur ar fáil lena bailiú ar leithligh. Ina ionad sin, is féidir le sealbhóirí tí an dramhaíl bhia a mhúiríniú sa bhaile; nó í a thabhairt dóibh féin go dtí saoráidí cóireála ceadúnaithe (amhail ionaid fóntas phoiblí nó ionaid díleáite anaeróbaigh).

Tá na haraidí donna á leathnú amach diaidh ar ndiaidh agus cuireadh tús leis an bpróiseas sin ar an 1 Iúil 2013. Is mar seo a leanas atá an t-amchlár do theacht i bhfeidhm na rialachán:

  • 1 Iúil 2013 d'ionaid daonra > 25,000 duine;
  • 31 Nollaig 2013 d'ionaid daonra > 20,000 duine;
  • 1 Iúil 2014 d'ionaid daonra > 10,000 duine;
  • 1 Iúil 2015 d'ionaid daonra > 1,500 duine;
  • 1 Iúil 2016 d'ionaid daonra > 500 duine.

Faoi Iúil 2016, beidh araidí donna ag an gcuid is mó de bhailte agus sráidbhailte. Ní bheidh ach limistéir ina bhfuil daonra an-bheag ar fad nó oileáin bheaga díolmhaithe, toisc nach bhfuil sé praiticiúil go teicniúil, ó thaobh na timpeallachta de nó na heacnamaíochta de dramhaíl a bhailiú ar leithligh sna limistéir sin.

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ó na foinsí seo a leanas:

http://www.foodwaste.ie/

http://www.brownbin.ie/

http://www.stopfoodwaste.ie/