Comhshaol

Dumpáil Mhídhleathach agus Diúscairt Mhídhleathach

Mhéadaigh na dlíthe frithbhruscair cumhachtaí na n-údarás áitiúil chun fadhb na dumpála mídhleathaí bruscair a chomhrac. Nuair a aimsíonn údarás áitiúil ábhar a dumpáladh go mídhleathach agus nuair a dhéantar céannacht úinéir an ábhair a shuíomh, beidh cás le freagairt ag an duine sin cibé an rugadh san ócáid orthu nó nár rugadh. 

Nuair a dhéantar céannacht úinéir ábhar dumpáilte a shuíomh, is cuma an rugadh ar an duine sin san ócáid nó nár rugadh, déanfar imeachtaí a thionscnamh in aghaidh úinéir na dramhaíola. Tá sé de dhualgas ar úinéir na dramhaíola a chinntiú go ndéantar an dramhaíl a dhiúscairt mar is ceart.

Is féidir é seo a dhéanamh trí é a thabhairt go dtí saoráid diúscartha dramhaíola údaraithe agus é a dhiúscairt mar is ceart sa tsaoráid nó trí úsáid a bhaint as seirbhís bailithe dramhaíola a bhfuil ceadúnas dramhaíola bailí aici don chineál sin dramhaíola. Cuireadh fíneálacha agus ionchúisimh ar shealbhóirí tí agus ghnólachtaí mar gheall gur úsáid siad bailitheoirí bréige.

Féadann Comhairle Contae Chorcaí éileamh ar shealbhóir tí nó oibritheoir gnólachta a rá conas agus cén áit a rinne siad a dhramhaíl a dhiúscairt. Má fheiceann tú duine éigin ag dumpáil dramhaíola, ba cheart duit é sin a chur in iúl do d'Údarás Áitiúil, a dhéanfaidh iniúchadh agus a ghlacfaidh na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin is gá.

Má fheiceann tú aon duine ag dumpáil go mídhleathach, ba cheart duit é sin a chur in iúl do Chomhairle Contae Chorcaí a dhéanfaidh iniúchadh agus a ghlacfaidh na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin is gá.