Comhshaol

Dúshlán in aghaidh an bhruscair

Léiríonn an Dúshlán bliantúil in aghaidh an bhruscair an fuinneamh agus díograis atá i bpobal áitiúil Chontae Chorcaí agus is sampla iontach é den mhéid is féidir a bhaint amach trí chur chuige comhpháirtíochta idir an Chomhairle agus an Pobal. Is iad cuspóirí an chomórtais ná truailliú bruscair a laghdú sa chontae ina iomláine agus réitigh pobail ar thruailliú bruscair a spreagadh.

Is féidir iarratais a dhéanamh ach cliceáil ar an gcnaipe ‘Déan iarratas’ thíos. Is é Dé Céadaoin an 9 Aibreán an dáta deiridh agus tosaíonn an tréimhse bhreithiúnais 6 seachtaine ar an 28 Aibreán.  

Le haghaidh tuilleadh sonraí cuir ríomhphost chuig [email protected] nó déan teagmháil le Comhairle Contae Chorcaí ar (021) 4532700.