Comhshaol

Faisnéis ar Dhréacht-Phlean Bainistíochta Abhantraí d'Éireann 2018-2021

Chun cead cainte a bheith agat

Le bheith cinnte go bhfeabhsaímid cáilíocht uisce ar fud an chontae, tá Dréacht-Phlean Bainistíochta Abhantraí ullmhaithe ag an Rialtas don tréimhse 2018 go dtí 2021. Léirítear sa phlean na gníomhartha a dhéanfaidh na hearnálacha, eagraíochtaí, pobail agus gníomhaireachtaí stáit éagsúla chun 4,832 dhobharlach na hÉireann a chosaint ag an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta.

Sula mbeidh an plean deimhnithe, ba mhian leis an Rialtas do thuairimí agus d'ábhair imní maidir le cáilíocht uisce a chloisteáil.

 

Mínítear na rudaí seo a leanas sna leabhráin cheangailte:

•       cad atá sa dréachtphlean;

•       cá háit ar féidir leat níos mó eolais a fháil; &

•       conas do thuairimí agus d'ábhair imní a roinnt.

 

Glac tamall leis an leabhrán seo a léamh agus glac páirt sa phróiseas comhairliúcháin.

 

Is é an spriocdháta d'aighneachtaí ná an 31 Lúnasa 2017.

Chun breathnú ar bhileoga agus iad a íoslódáil, féach thíos:

Dréacht-Phlean Bainistíochta Abhantraí d'Éireann 2018-2021 (As Gaeilge).

Draft River Basin Management Plan for Ireland 2018-2021 leaflet(English).