Comhshaol

Forléargas Talmhaíochta

Tá gníomhaíocht talmhaíochta i gContae Chorcaí réasúnta dian ó thaobh cineál agus fairsinge de. Léirítear sin leis na staitisticí seo a leanas ó Mhóráireamh Talmhaíochta na Príomh-Oifige Staidrimh, a reáchtáladh i mhí Meithimh 2010. Cliceáil anseo le haghaidh Mhóráireamh Talmhaíochta 2010 - Torthaí Deiridh - POS - Príomh-Oifig Staidrimh.

  Contae Chorcaí Contae Chorcaí mar % d'Éirinn Éire
Líon feirmeacha 14,222 10.1% 139,860
Meánmhéid feirme 38.1 116.5%  32.7
Limistéar talmhaíochta in úsáid 561,802 11.2% 4,991,353
Barra, torthaí agus gairneoireacht foriomlán 55,142 15.6% 353,927
Féarthalamh foriomlán 486,173 11.5% 4,215,007
Eallach foriomlán 990,603 15% 6,606,585
Sainfheirmeacha déiríochta 4,251 23% 18,456
Ba déiríochta 284,050 26.5% 1,070,755
Muca 259,031 17.1% 1,516,291

Thug an tríú tuarascáil de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (GCC), Timpeallacht na hÉireann 2004, (Aibreán 2004), le fios go bhfuil talmhaíocht ina cúis le cuid mhaith de thruailliú uisce in aibhneacha, lochanna, inbhir, agus screamhuiscí na hÉireann.

 Mar fhreagra ar an mbrú féideartha sin ar cháilíocht uisce, bunaíodh rannóg speisialta maidir le truailliú talmhaíochta a chosc agus a rialú mar chuid den Roinn Comhshaoil.

 Mar seo a leanas atá príomhfhreagrachtaí na rannóige:

  • Na bearta talmhaíochta faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Dea-chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint), 2014, (Rialacháin Níotráití), a chur i bhfeidhm, a bhaineann go príomha le hiniúchadh a dhéanamh ar chlóis feirme chun áiseanna agus cleachtais feirme a fheabhsú i gceantair ina bhfuil cáilíocht an uisce go dona.
  • Iarratas pleanála talmhaíochta a mheas agus tuairiscí a dhéanamh orthu.
  • Déileáil le gearáin ón bpobail maidir le saincheisteanna talmhaíochta, amhail truailliú uisce.
  • Gníomhaíochtaí foraoiseachta a mheas agus tuairiscí a dhéanamh orthu, agus béim a chur ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith acu ar cháilíocht uisce.
  • Dul i gcomhairle le rannóga eile de chuid na Ranna Comhshaoil agus na Comhairle Contae i gcoitinne agus cúnamh a thabhairt, nuair is gá.
  • Teagmháil a dhéanamh le feirmeoirí, a gcomhlachtaí ionadaíocha agus comhairleoirí agus sainchomhairleoirí talmhaíochta trí theagmhálaithe pearsanta, cur i láthair, pléghrúpaí agus seimineáir.

Rialacháin um Dhea-Chleachtas Talmhaíochta

D'achtaigh an tAire Comhshaoil, An tUas. Dick Roche Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dea-chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint) 2006, (I.R. Uimh. 378 de 2006) ar an 18 Iúil 2006. Ba iad sin na chéad Rialacháin a thug éifeacht dlí do Chlár Gníomhaíochta Níotráití náisiúnta na hÉireann faoin Treoir AE um Níotráití.  

Tar éis go ndearnadh athbhreithniú ar an gClár Gníomhaíochta Níotráití in 2013, d'achtaigh an tAire Phil Hogan rialacháin nua ar an 28 Eanáir 2014. Is iad Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Dea-chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint), 2014, (I.R.31 de 2014) na rialacháin nua. Ta na rialacháin sin i bhfeidhm faoi láthair. Is féidir na Rialacháin um Dhea-Chleachtas Talmhaíochta, nó na Rialacháin Níotráití a thabhairt orthu freisin.

Tá an Rannóg Talmhaíochta de chuid Roinn Comhshaoil Chomhairle Contae Chorcaí bunaithe ag oifigí na Chomhairle Contae ag Inis Cara, agus is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag 021 453 2700.

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ag na naisc seo a leanas:

An Roinn Talmhaíochta

Rialacháin Lotnaidicídí

Rannóg um Lotnaidicídí a Chlárú & a Rialú na Roinne Talmhaíochta

Tá tuilleadh faisnéise ar Dhramhaíl Ghuaiseach ar fáil anseo.

Tá treoir ag an GCC ar dhea-chleachtas maidir le Gabhdáin Lotnaicídí.