Comhshaol

Freagrachtaí Úinéirí Madraí

Príomhfhreagrachtaí ÚINÉIRÍ MADRA

* Ní mór do gach úinéir madra a mhadra a choimeád faoi smacht éifeachtach in áiteanna poiblí - de ghnáth, is éard a bhíonn i gceist leis sin ná do mhadra a choinneáil ar iall agus é in áit phoiblí.
* Ní mór ceadúnas i leith gach madra nó ceadúnas ginearálta madraí a chlúdaíonn gach madra ina sheilbh a bheith ag gach úinéir madra - is féidir leat ceadúnas madraí a cheannach ag Oifig an Phoist nó ó d'údarás áitiúil.
* Ní mór do gach úinéir madra a chinntiú go bhfuil coiléar ar a bhfuil ainm agus seoladh an úinéara á chaitheamh i gcónaí ag gach madra atá faoina smacht agus gur féidir an t-ainm agus an seoladh a léamh
* Ní mór do gach úinéir madra a bhfuil madraí folaíochta nó crosphóraithe a bhaineann le pórtha áirithe, m.sh. Rótvaidhléirí, Tarbh-bhrocairí,srl., acu  a chinntiú go bhfuil béalóg daingean ar na madraí agus go bhfuil siad ar iall láidir nach faide ná dhá mhéadar ar fad agus iad in áit phoiblí.  Féach an liosta iomlán pórtha thíos.
* Ní mór do gach úinéir madra faecas arna fhágáil ag a mhadra in áit phoiblí a bhailiú agus fáil réidh leis ar bhealach cuí.

Cén fáth a bhfuil dlíthe ann do mhadraí?

Níl dlíthe ann do mhadraí, tá dlíthe ann d'ÚINÉIRÍ MADRAÍ. Seo toisc go bhféadfadh madraí, madraí móra go háirithe, a bheith ina n-ábhar contúirte do choisithe, do thiománaithe agus do bheostoc mura gcoimeádfaí faoi smacht iad an t-am ar fad. D'fhéadfadh madraí nach gcoimeádtar faoi smacht a bheith ina gcúis le núis agus crá croí má dhéanann siad damáiste do mhaoin comharsana, má dhífhaecaíonn siad ar réadmhaoin comharsana, nó má bhíonn a dtafann iomarcach.
Tá freagracht ar gach úinéir madra a chinntiú go dtugtar aire cheart dá mhadra agus nach bhfuil sé ina núis ná ina chontúirt dá chomharsana ná do dhaoine eile sa phobal.

Céard is brí le smacht éifeachtach ar do mhadra?

Ciallaíonn sé go bhfuil smacht iomlán agat ar ghluaiseachtaí do mhadra. I gcoitinne, ní féidir é seo a chinntiú ach trí do mhadra a choinneáil ar iall.  Más Rótvaidhléir nó Rótvaidhléir de phór measctha, nó madraí folaíochta nó crosphóraithe a bhaineann le ceann de na pórtha a liostaítear thíos é do mhadra, ciallaíonn smacht éifeachtach gur iall láidir nach faide ná 2 mhéadar í an iall agus go bhfuil béalóg daingean ar do mhadra freisin.

Cén fáth a dteastaíonn ceadúnas madraí uaim?

Is fianaise ar do theideal dlí madra a choinneáil é ceadúnas madraí.  Úsáidtear na cistí ó cheadúnais mhadra chun seirbhís maorachta madraí a reáchtáil chun madraí fáin agus madraí nach dteastaíonn a bhailiú agus chun gearáin a bhaineann le madraí a fhiosrú, agus chun póna madraí a chur ar fáil i ngach limistéar údaráis áitiúil chun cóiríocht a chur ar fáil do mhadraí fáin agus madraí nach dteastaíonn agus chun aire a thabhairt dóibh.
Is é €20 an costas reatha ar cheadúnas madraí má cheannaíonn tú ceann ar bhonn bliantúil, nó €140 má cheannaíonn tú cheadúnas saolré an mhadra.  Is féidir ceadúnais bhliantúla do mhadraí a cheannach ó Oifig an Phoist nó ó d'údarás áitiúil.  Is féidir ceadúnais shaolré an mhadra a cheannach ó d'údarás áitiúil amháin.  Tá ceadúnais madraí ghinearálta ar fáil do dhaoine a choinníonn níos mó ná 20 madra ar áitreabh.

Tá micrishlis ag mo mhadra, cén fáth a dteastaíonn coiléar agus clib ar a bhfuil m'ainm agus mo sheoladh ó mo mhadra?

Ní féidir ach le daoine a bhfuil scanóir micrishlise acu micrishliseanna a léamh.  Ní bhraithfidh an scanóir ach uimhir na micrishlise.  Caithfear an uimhir sin a sheoladh chuig coimeádaí bunachair sonraí micrishliseanna, ag a mbeidh do shonraí teagmhála, ta súil againn é, agus a chuirfidh na sonraí sin in iúl don duine a scan an madra.  Má théann do mhadra ar strae ach má bhíonn d'ainm agus do sheoladh (nó d'uimhir theileafóin) ar a choiléar nó ceangailte leis, beidh fios ag an duine a aimsíonn do mhadra láithreach cé leis é agus beifear in ann é a thabhairt ar ais duitse go díreach.

Cén fáth ar cheart dom glanadh suas i ndiaidh mo mhadra?

Tá faecas madra bréan gránna, agus d'fhéadfadh sé a bheith ina chúis le galar tromchúiseach, do pháistí go háirithe.  Is crá croí ar leith é faecas madra ar chosáin, i bpáirceanna, in áiteanna súgartha agus i gclóis súgartha scoile, áit ar dócha go seasfaidh coisithe air, nó go rollfaidh rothaithe nó úsáideoirí cathaoir rothaí air, nó go láimhseoidh páistí beaga atá ag súgradh sa cheantar é.  Tá tú ceangailte leis an dlí aon fhaecas a fhágann do mhadra in áit phoiblí a bhailiú agus fáil réidh leis ar bhealach sláintíoch.  Cuireann roinnt údarás áitiúil málaí agus boscaí bruscair go sonrach d'fhaecas madra ar fáil i bpáirceanna agus áiteanna súgartha anois.

Cad iad na pórtha liostaithe?

Seo liosta de phórtha madraí a mheastar go bhféadfadh siad a bheith níos contúirtí do dhaoine ná pórtha eile madraí.  Ní hé gur mó an seans go ndéanfaidh na madraí sin ionsaí ar dhuine nó go mbainfidh siad greim as duine, ach dá ndéanfadh nó dá mbainfeadh, d'fhéadfadh siad díobháil níos tromchúisí a dhéanamh.
 Ní mór do gach úinéir madra a bhfuil madraí folaíochta nó crosphóraithe a bhaineann le ceann de na pórtha a liostaítear thíos, nó madra ar a dtugtar Iallmhadra go gcoitianta, aige a chinntiú go bhfuil béalóg daingean ar na madraí sin agus go bhfuil siad ar iall láidir nach faide ná dhá mhéadar ar fad agus iad in áit phoiblí:

  • Tarbh-bhrocaire Meiriceánach
  • Tarbhmhaistín
  • Pinséir Dobermann
  • Tarbh-bhrocaire Sasanach
  • Alsáiseach
  • Aicíte Sheapánach
  • Tósa Seapánach
  • Dronnach Róidéiseach
  • Rótvaidhléir
  • Tarbh-bhrocaire Staffordshire

Cad ba cheart dom a dhéanamh má aimsím madra fáin?

* Ní mór do dhuine a aimsíonn madra fáin agus a ghlacann seilbh air ceann de na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
(a) An madra a thabhairt ar ais dá úinéir
(b) An madra a thabhairt do Mhaor Madraí
(c) An madra a choinneáil agus fógra i scríbhinn ina dtugtar cur síos ar an madra, an seoladh ag a aimsíodh é, agus an seoladh ag an bhfuil sé á choinneáil a thabhairt don duine atá i gceannas ag an Stáisiún Gardaí is gaire don áit ag a n-aimsíodh an madra, nó don Mhaor Madraí.

Cad ba cheart dom a dhéanamh má théann mó mhadra ar iarraidh?

Ar dtús, ba cheart duit seiceáil le do chomharsana an bhfuil do mhadra feicthe acu nó an bhfuil a fhios acu cá háit a d'fhéadfadh sé a bheith.  Mura n-éiríonn leis sin, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do Stáisiún Gardaí áitiúil agus le do mhaor madraí áitiúil agus le póna madraí d'údaráis áitiúil. Má tá tú i do chónaí gar do theorainn limistéir údaráis áitiúil, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis na maoir mhadraí agus na pónaí madraí i limistéir na n-údarás áitiúil atá in aice láimhe freisin. 

Cén fáth a n-ionsaíonn madraí eallach agus caoirigh?

Rachaidh madraí sa tóir ar aon ainmhí a ritheann uathu. Is dual dó a leithéid a dhéanamh. Mar gheall ar mhodhanna feirmeoireachta nua-aimseartha, bíonn níos lú idirghníomhaíochta idir daoine, madraí agus beostoc.  Is mó an seans anois go rithfidh beostoc ó dhaoine agus madraí toisc nach bhfuil taithí aige orthu.  Cuirfidh madraí atá ag tafann faitíos ar bheostoc agus cuirfidh sé sin leis an seans go rithfidh sé uathu.  Trí dhul sa tóir ar bheostoc, is dócha go mbeidh madraí ina gcúis le gortú ainmhithe ar fhál sreinge deilgní nó le hainmhithe a bheith sáinnithe i draenacha nó báite in aibhneacha fiú. Má théitear sa tóir ar ainmhithe torracha, d'fhéadfadh ginmhilleadh, marbhghin agus deacrachtaí eile ag am na breithe a bheith mar thoradh air. Bíonn ainmhithe a mbítear sa tóir orthu faoi strus agus ní íosfaidh siad i gceart ná ní bhíonn rath orthu, go háirithe nuair a tharlaíonn sé arís agus arís eile. Nuair a theanntaíonn madra ainmhí, ionsóidh sé an t-ainmhí trí ghreim a bhaint as. Is minic a bhíonn an t-ionsaí ina chúis le gortuithe tromchúiseacha agus, i gcás caorach, is rímhinic a fhaigheann an t-ainmhí bás mar thoradh air.

Cén fáth ar cheart dom mo mhadra a neodrú?

Nuair nach bhfuil madra ceaptha le haghaidh pórúcháin, bíonn buntáistí ag baint le neodrú, ní hamháin don mhadra féin, ach don sochaí. Seo toisc go stadann sé madraí baineanna ó chuaineanna coileán nach dteastaíonn a bhreith, coileáin a d'fhéadfadh deacracht a bheith ag a n-úinéirí bailte maithe a aimsiú dóibh, a fhágann go bhféadfadh na coileáin fás aníos gan aire cheart á tabhairt dóibh agus gan a bheith faoi smacht, agus d'fhéadfadh siad an pobal agus beostoc a chur i mbaol.  Cabhraíonn an neodrú leis an daonra madraí a rialú, a fhágann go mbíonn líon níos lú madraí nach dteastaíonn agus madraí tréigthe ann.