Comhshaol

Madraí Caillte agus Aimsithe

An bhfuil do mhadra caillte agat?

Is féidir madraí caillte agus aimsithe a thuairisciú do Sheirbhís Rialaithe Madraí na Rannóige Tréidliachta.  Cinntigh go gcuireann tú an cur síos/an t-eolas ceart ar fáil chun cabhrú leis an tSeirbhís Rialaithe Madraí.

Má tá tú ag iarraidh an t-eolas sin a chur ar fáil go díreach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag an Rannóg Tréidliachta ar 021-4285405 le linn uaireanta oifige.

An bhfuil madra ar strae aimsithe agat?

Ní mór do dhuine a aimsíonn madra fáin agus a ghlacann seilbh air ceann de na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  1. an madra a thabhairt ar ais dá úinéir, nó
  2. an madra a thabhairt do mhaor madraí, or
  3. an madra a choinneáil agus fógra i scríbhinn ina dtugtar cur síos ar an madra, seoladh na háite ag a aimsíodh é, agus seoladh na háite ag an bhfuil sé á choinneáil a thabhairt do mhaor madraí i gcomhréir le hAlt 13 den Acht um Rialú Madraí, 1986. 

I gcás go bhfuil madra fáin aimsithe ag duine, agus go bhfuil an madra i seilbh an duine sin ar feadh bliana tar éis an dáta ar ar tugadh fógra don mhaor madraí maidir leis an madra fáin a aimsiú, agus mura n-éilíonn úinéir an mhadra an madra laistigh den bhliain sin, beidh an duine a d'aimsigh an madra ina úinéir ar an madra agus cuirfear teideal iar-úinéir an mhadra ar an madra ar ceal.

Cad a dhéanfaidh mé anois?

Is féidir leat eolas maidir le madra caillte nó aimsithe a chur chugainn ar ríomhphost chuig vets@corkcoco.ie

Cuir na sonraí seo a leanas i do ríomhphost:

  • An pór, má tá sé ar eolas agat, an méid, an dath, an aois, aon mharc sainiúil, an phearsantacht ghinearálta, .i. cairdiúil, neirbhíseach.
  • Inscne an mhadra
  • Sonraí na clibe agus an choiléir
  • An dáta agus an áit a bhfacthas an madra don uair dheireanach
  • Do shonraí teagmhála (ainm, seoladh, uimhir theileafóin) 

Seoltar na sonraí thuas chuig na Maoir Madraí Contae go léir agus déantar cros-tagairt eatarthu le Seirbhís an Phóna.

Micrishliseadh

Is mionionphlandú támh miotail (atá ar chómhéid le gráinne ríse) é micrishlis ar a bhfuil uimhir uathúil barrachód leictreonach. Cuirtear an mhicrishlis isteach i madraí faoin gcraiceann scaoilte thart faoin ngualainn i ngnáthamh simplí a dhéanann tréidlia le steallaire speisialta hipideirmeach. Déantar an barrachód uathúil a scanadh le scanóir agus cláraíonn an tréidlia é le lárbhunachar sonraí micrishliseanna. Tugann an cód sin aitheantas don mhadra ar feadh a shaoil, aitheantas atá nasctha go sonrach le húinéir cláraithe an mhadra.