Comhshaol

Muintir na Tíre - Bródúil as ár bPobail

Is í aidhm an 'Comórtas Bródúil as ár bPobal' ná Grúpaí Pobail agus oibrithe deonacha i gContae Chorcaí a spreagadh chun Tionscadail/Saoráidí nua pobalbhunaithe, chomh maith le cinn atá ann cheana, a fhorbairt a mbeidh tairbhe fadtéarmach acu don phobal. Ba cheart do na tionscadail seo a bheith taobh amuigh agus ar fáil don phobal ar fad.

I gcaitheamh na mblianta, tá an-dul chun cinn déanta maidir leis an gcomórtas, ó smaoineamh beag agus an comórtas rathúil seo atá ann inniu agus a bhfuil an-tóir air.  Tríd an gcomórtas seo, tugann Muintir na Tíre aitheantas agus tá sí an-bhuíoch as an obair chrua ar fad atá déanta ag eagraíochtaí pobail ar fud an Chontae a chabhraíonn le hobair forbartha Chomhairle Contae Chorcaí. Bealach éis ea an comórtas chun feasacht daoine a ardú maidir lena dtimpeallacht, agus cabhrú leo leanúint ar aghaidh le forbairt ghinearálta a gcuid ceantar chomh maith le pobail saor ó bhruscar a chur chun cinn.

Tá tuilleadh eolais agus sonraí faoin iarratas ar fáil ag www.muintircork.com