Comhshaol

Ócáidí Móra agus Bruscar

Éilítear ar thionscnóirí nó eagraithe ócáidí móra a chinntiú go bhfuil bearta rialaithe bruscair i bhfeidhm acu sa láthair ina tharlaíonn an ócáid agus sa cheantar máguaird roimh, i rith agus tar éis na hócáide. Baineann sé sin le cluichí peile agus ócáidí sóisialta agus spóirt eile a bhfuil sluaite móra ag freastal orthu. Féadann an t-údarás áitiúil an tasc seo a chomhlíonadh ach ní mór don tionscnóir/eagraí íocadh as.