Comhshaol

Sábháilteacht Bhia

Tá freagracht ar Rannóg Thréidliachta Chomhairle Contae Chorcaí as feidhmeanna maidir le cosaint bhia agus rialú galair a dhéanamh. Cuireann sí téarmaí agus coinníollacha Chonradh Seirbhíse idir Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (USBE) agus Comhairle Contae Chorcaí i bhfeidhm maidir le hainmhithe bia a mharú, agus cuireann sí rialú reachtúil ar tháirgeadh feola, ar tháirgí feola agus ar éineoil. Is maidir le háitribh mharaithe bheaga, le ceaduithe seamlais agus le ceadúnú seamlais atá na príomhfheidhmeanna atá aici a bhaineann le sábháilteacht bhia; ceadú agus maoirseacht ar áitribh bheaga déantúsaíochta feola; agus maoirseacht agus scrúdú ar ionaid coinneála tháirgeadh déiríochta.

Cuireann an Roinn béim an-mhór ar shábháilteacht agus ar cháilíocht agus tá idir 30 agus 50 ball foirne tiomanta ar bhearta rialaithe shábháilteacht agus cháilíocht bhia a choimeád agus feabhas a chur orthu. Tá ardú curtha ar a cuid caighdeáin aici thar na blianta agus tá baint aici leis an aitheantas idirnáisiúnta atá faighte ag Corcaigh mar Ionad Barr Feabhais do tháirgeacht bhia. Oibríonn an Roinn faoi chonradh don USBE i seacht bpríomhréimse:

  • Sláinteachas feola (74 Ionad, a chuimsíonn na seamlais, na hionaid déantúsaíochta agus próiseála feola ar fad )
  • Bainne agus táirgí bainne (420 áitreabh)   
  • Poist scrúdaithe calafoirt
  • Clár Náisiúnta Monatóireachta ar Iarmhair
  • Zoonoses

Saotharlann Sábháilte Bia Tréidliachta

Is cuid shuimeálach den aonad sláinte poiblí tréidliachta é an Saotharlann Sábháilteachta Bia Tréidliachta (SSBT), a ionchorpraíonn áis Cat. 3, faoi scáth na Stiúrthóireachta Comhshaoil, Comhairle Contae Chorcaí. Forbraíodh an SSBT chun anailís mhicribhitheolaíochta a dhéanamh ar bhia-ábhair agus ar shamplaí eile a bhaineann le sábháilteacht bhia (samplaí uisce, fíocháin ainmhithe agus comhshaoil), agus ar an mbealach sin cuireann sé réimse seirbhísí ar fáil a dhéanann meas leanúnach ar shlándáil an tslabhra bia d'fhonn Sláinte Poiblí a chosaint trí fhaireachas Reachtúil agus Taighde. Tá sé suite i suíomh campais Chomhairle Contae Chorcaí in Inis Cara, Co. Chorcaí.  

Creidiúnú/Stádas

Tá an tSaotharlann ainmnithe ag Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann mar Shaotharlann Náisiúnta Rialuithe Oifigiúil a chuireann seirbhísí ar fáil d'údaráis áitiúla agus do ghníomhaireachtaí eile. 

Tá Córas Bainistíochta Cáilíochta oibríochtúil iomlán ag SSBT a chinntíonn go gcoinníonn an tsaotharlann caighdeán ard cáilíochta chun riachtanais rialála ISO/IEC 17025: 2005 agus riachtanais a chuid custaiméirí freisin a shásamh. Ó 2010, tá SSBT ina shaotharlann tástála creidiúnaithe INAB, uimhir chláraithe 261T. Tá scóip chreidiúnaithe SSBT ar fáil ar láithreán gréasáin INAB, www.inab.ie

Faireachas Reachtúil

Bíonn nósanna imeachta faireachais agus éighníomhacha agus gníomhacha agus seiceanna sláinteachais próisis á ndéanamh ag láithreacha ceadaithe agus cláraithe (i.e. seamlais agus áitribh phróiseála feola), de réir théarmaí agus choinníollacha an Chonartha Seirbhíse idir Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (ÚSBÉ) agus Comhairle Contae Chorcaí (CCC).   

Mar chuid den chonradh seo déanfar tástáil mhicribhitheolaíochta de réir Rialachán ón gCoimisiún (CE) 2073/2005 (leasaithe ag Rialachán ón gCoimisiún (CE) Uimh. 1441/2007) ó oibritheoirí ghnó bia ar fud na tíre.

Ináirithe ar na samplaí a dhéantar a thástáil sa saotharlann tá: Feoil bhruite, táirgí feola, feoil amh, éineoil, bainne, uisce inólta agus conablach/maipíní comhshaoil agus pé ar bith a bheidh riachtanach nuair a bhíonn scrúduithe teagmhais/ráige ar bun.

Déantar tástáil faoi láthair orthu seo a leanas: 

  1. Bia/Comhshaoil:  Cuntais Coilíneachta Aeróbach, Salmonella spp., Listeria monocytogenesE. coli, Campylobacter spp. and Verocytotoxigenic E. coli (VTEC).                                     
  2. Uisce Inólta: Coliform, E. coliEnterococci spp., Salmonella and VTEC.

Tuilleadh eolais: Saotharlann Shábháilteacht Bhia Thréidliachta Chomhairle Contae Chorcaí . Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun Foirm Thaiscthe Samplach Shábháilteacht Bhia Thréidliachta a íoslódáil (pdf)

Faireachas Taighde

Tá speisialtacht ar leith forbartha ag an tsaotharlann i gcomhair pataiginí atá ag teacht aníos ar a n-áirítear Salmonella sppListeria monocytogenesE. coliVerocytotoxigenic E. coli agus Campylobacter spp.

Tá áis speisialtóireachta iomlán Chatagóir 3 ann a húsáidtear chomh maith leis an tsaotharlann Chatagóir 2 in Inis Cara chun tástáil a dhéanamh ar phataiginí ardriosca amhail Verocytotoxigenic E. coli.

Déantar na tréithchineáil baictéaracha atá aonraithe a thréithriú go feinitipiciúil san SSBT chun próifíl frithsheasmhacht fhaighte fhrithmhiocróbach a dheimhniú agus go géinthipiciúil trí leictreafóiréis ghlóthaí bhíogréimse (LGB) nó uimhir athróige il-lócais d'anailís athrá treaindim (MLVA). Cuirtear na torthaí ar fad isteach inár Leabharlann Bithuimhriúil chun anailís comparáideach ar aonruithe daonna, ainmhí agus comhshaoil a chumasú amach anseo.

Tá an t-eolas seo sár-riachtanach chun naisc eipidéimeolaíochta a bhunú chun cabhrú le Mionscrúduithe Ráige ghalar daonna. 

Táthar ag forbairt na seirbhísí saotharlainne trí chur chuige comhpháirtíochta a chiallaíonn comhoibriú le táirgeoirí bia príomha, údaráis ardoideachais, údaráis náisiúnta inniúla agus institiúidí taighde. 

Ináirithe ar na comhpháirtíochtaí tá na heagraíochtaí seo a leanas:

  • An Lárshaotharlann Taighde Tréidliachta, Saotharlanna na RTBM, Co. Chill Dara.
  • Saotharlann Náisiúnta Tagartha Salmonella, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh.
  • Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, Baile Átha Cliath.
  • Ionaid Sábháilteachta Bia agus Zó-namaiocht Biaiompara, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
  • Saotharlann Sláinte Poiblí Colindale , Londain, RA.
  • BiaShábháilte, Gníomhaireacht shábháilteacht bhia uile-oileáin, Co. Chorcaí.
  • An Roinn Eolaíochtaí Bitheacha, Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí.
  • Dámh na hEolaíochta Bia, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
  • Institiúid Taighde Comhshaoil, Coláiste na hOllscoile Corcaigh.
  • An Roinn um Eolaíocht agus Theicneolaíocht Bia, Coláiste na hOllscoile Corcaigh.
  • An Roinn um Micribhitheolaíocht Chliniciúil, Coláiste na hOllscoile Corcaigh.
  • An Scoil Tréidliachta, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
  • Lárionad Taighde Bia Bhaile an Ásaigh, Teagasc, Baile Átha Cliath
  • Ionad Taighde Bia an Chloch Liath , Teagasc, Co. Chorcaí

Déanann an comhoibriú sin éascaíocht ar aistriú teicneolaíochta, freagairt ghasta agus malairt oideachasúil agus cuireann sé bonneagar tacaíochta ar fáil do tháirgeoirí príomha i gContae Chorcaí agus ar fud Phoblacht na hÉireann trí Chur chuige Compháirtíochta.

Saotharlann um Shábháilteacht Bia Tréidliachta, Comhairle Contae Chorcaí, Inis Cara, Co. Chorcaí.

Teil: (021) 4532700