Comhshaol

Spotaí Dubha Beaga

Nuair a chruinníonn bruscar ar réadmhaoin cibé rud is cúis leis agus go bhfuil an bruscar infheicthe ó áit phoiblí, féadann an t-údarás áitiúil fógra a eisiúint don úinéir nó don sealbhóir ag iarraidh go mbainfí an bruscar gan mhoill. Féadann a leithéid d'fhógra bearta réamhchúraim a leagan síos chun atarlú a chosc.

Má theipeann ar úinéir nó sealbhóir réadmhaoine gach rud a iarradh air a dhéanamh, tá sé de chumhacht ag an údarás áitiúil cibé rud is gá a dhéanamh chun fáil réidh leis an mbruscar agus is é an t-úinéir nó sealbhóir a íocfaidh as.