Comhshaol

Tionscnaimh Fhreagracht an Táirgeora

Rialacháin Pacáistíochta

Cuireann na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Pacáistiú), 2014 aisghabháil dramhaíola pacáistíochta áirithe chun cinn. Cuireann na Rialacháin ceanglas ar thairgeoirí, lena n-áirítear déantóirí, allmhaireoirí, dáileoirí, mórdhíoltóirí agus miondíoltóirí, a chuireann pacáistíocht ar fáil do mhargadh na hÉireann le linn dóibh a ngnó a dhéanamh.

Tháinig na Rialacháin i bhfeidhm ar an 21 Meitheamh 2014 agus tháinig siad in áit na Rialachán uile um pacáistíocht a bhí ann roimhe.

Cén tionchar a bhíonn ag na Rialacháin ar mo Ghnólacht?

Cuireann na Rialacháin ceanglais ar gach táirgeoir a chuireann pacáistíocht ar fáil do mhargadh na hÉireann le linn dóibh a ngnó a dhéanamh.  Tá sé de cheanglas ar gach táirgeoir pacáistíochta é a scagadh ag an bhfoinse ina sruthanna sonracha dramhaíola (alúmanam, clár snáithíneach, gloine, páipéar, leathánra plaisteach, cruach agus adhmad) agus socruithe a dhéanamh lena haisghabháil nó an phacáistíocht úsáidte a chur ar ais chuig an soláthraí, más infheidhme.  

Cuireann na Rialacháin ceanglais ar “táirgeoirí” agus ar “mórtháirgeoirí” pacáistíochta. 

Céard is brí leis an téarma “Táirgeoir” Pacáistíochta?

Is táirgeoir duine a chuireann pacáistíocht ar fáil do mhargadh na hÉireann le linn dó gnó a dhéanamh.

Tá sé de cheangal ar tháirgeoir dramhaíl a scagadh ar an láthair chun críocha athchúrsála / aisghabhála.

Céard is brí leis an téarma “Mórtháirgeoir” Pacáistíochta?

Is “mórtháirgeoir” pacáistíochta do chuideachta más rud é go raibh láimhdeachas de níos mó ná €1m aici sa bhliain féilire roimhe, bunaithe ar chuntais iniúchta, agus má chuireann sí níos mó ná 10 dtonna pacáistíocht ar mhargadh na hÉireann in aghaidh na bliana. 

Cuirtear ceanglais bhreise ar mhórtháirgeoirí.  Ní mór do mhórtháirgeoir clárú le Comhairle Contae Chorcaí nó le scéim chomhlíontachta Repak.

Níl méid na Pacáistíochta Dramhaíola a chuireann mo Ghnólacht ar fáil ar eolas agam. Cad ba cheart dom a dhéanamh?

Beidh ort tabhairt faoi iniúchadh chun meáchan na pacáistíochta a chuirtear ar fáil a thomhas go cruinn.  Ní mór go mbeidh duine "inniúil" i mbun an iniúchta.  D'fhéadfadh duine inniúil a bheith ar dhuine de na daoine seo a leanas: 

Iniúchóir cáilithe .i. cuntasóir gairmiúil atá cáilithe chun imscrúdú neamhspleách a dhéanamh ar thaifid agus / nó chuntais airgeadais cuideachta.

Stiúrthóir de chuid na cuideachta (más cuideachta chláraithe í)

Bainisteoir na cuideachta (murar cuideachta chláraithe í

Duine neamhspleách a fhostaíonn an chuideachta chun comhlíonadh a hoibleagáidí reachtúla de réir na rialachán a chinntiú ( .i. comhairleoir comhshaoil seachtrach).

Má fhostaíonn tú iniúchóir neamhspleách amhail ag (1) thuas chun an tuarascáil phacáistíochta a ullmhú, ní theastaíonn réamhfhaomhadh Chomhairle Contae Chorcaí.  Sna trí chás eile, teastaíonn faomhadh Chomhairle Contae Chorcaí sula n-ullmhaítear an tuarascáil phacáistíochta.

Ná déan dearmad: ní bhaineann an cheist seo leat ach amháin más rud é go raibh láimhdeachas de níos mó ná €1m agat sa bhliain féilire roimhe sin.

Is Mórtháirgeoir mé. Cad iad na roghanna ata agam?

Is féidir leat a bheith i do "Féin-Chomhlíontóir" ach clárú le Comhairle Contae Chorcaí, má tá d'áitreabh laistigh dá ceantar riaracháin.

nó 

Is féidir leat clárú le scéim chomhlíontachta Repak

 Féin-Chomhlíonadh

Liostaítear na riachtanais a chuirtear ar Fhéin-Chomhlíontóirí thíos. 

Ní mór duit:

  • Clárú le Comhairle Contae Chorcaí gach bliain maidir le gach áitreabh (atá lonnaithe i gceantar riaracháin Chomhairle Contae Chorcaí).  
  • Táille bhliantúil a íoc arb ionann í agus €15 in aghaidh an tonna dramhaíola pacáistíochta a chuirtear ar fáil. Tá íostáille de €500 agus uastáille de €15,000 ann. 
  • Saoráidí leordhóthanacha a chur ar fáil saor in aisce don phobal chun glacadh le dramhaíl phacáistíochta agus chun í a scagadh agus a stóráil ag d'áitreabh.
  • Fógra a chur ar taispeáint ag gach bealach isteach ag fógairt saoráidí tóg ar ais.
  • Saoráidí tóg ar ais a fhógairt i nuachtáin áitiúla dhá uair in aghaidh na bliana.
  • Tuarascálacha ráithiúla a chur isteach ar an bpacáistíocht a fhaightear, a chuirtear ar fáil agus aisghabháiltear. 
  • Plean Cur i bhFeidhm Trí Bliana a ullmhú ina sonraítear na céimeanna atá le cur i gcrích chun na rialacháin a chomhlíonadh.

Treoir maidir leis an bPlean um Chur i bhFeidhm Trí Bliana

  • Bíodh na pleananna / tuarascálacha thuas ar fáil don phobal ar iarratas.
  • Déantar socruithe maidir le pacáistíocht a bhailiú ar iarratas ó aon duine a chuireann an mórtháirgeoir pacáistíocht ar fáil dó nó di.
  • Tá sé de cheangal ar allmhaireoirí agus ar líontóirí paca glacadh le meáchain shonraithe phacáistíochta / meáchain shonraithe phacáistíochta a bhailiú gach ráithe. 

Repak

Is comhlacht ceadaithe é Repak de réir na Rialachán. Má roghnaíonn tú a bheith i do bhall Repak, beidh ort táille bhliantúil a íoc.  Mar chúiteamh, scaoilfear thú ó na ceanglais a chuirtear ar fhéin-chomhlíontóirí, an ceanglas maidir le dramhaíl phacáistíochta a thógáil ar ais san áireamh. Tá sonraí teagmhála Repak thíos:

Seoladh: Repak Ltd., Eastát Mhór-Acomhal na Bó Deirge, 1 Bóthar Bhaile an Mhóta, Baile Átha Cliath 22.

Teileafón: 01/ 4670190:  Facs: 01/4670197

Suíomh Gréasáin: www.repak.ie

Seoladh ríomhphoist: info@repak.ie

Ní Mórtháirgeoir mé.  Cad ba cheart dom a dhéanamh?

Caithfidh tú fianaise a thabhairt do Chomhairle Contae Chorcaí chun tacú le d'éileamh.  Seo a leanas roinnt samplaí:

  • Cóip de do chuntais iniúchta don bhliain roimhe nó ráiteas ó Chuntasóir a dhearbhaíonn do láimhdeachas don bhliain roimhe.
  • Tuarascáil ó Iniúchadh ar Phacáistíocht arna dhéanamh ag duine inniúil a léiríonn gur chuir tú 10 dtonna nó níos lú ar fáil don mhargadh.  

Tá ceithre chatagóir de dhuine "inniúil" ann mar a mhínítear  sa cheist roimhe seo: “Níl méid na Pacáistíochta Dramhaíola a chuireann mo Ghnólacht ar fáil ar eolas agam. Cad ba cheart dom a dhéanamh?"

(Ná déan dearmad: Ní gá duit tabhairt faoi Iniúchadh ar Phacáistíocht más féidir leat a léiriú go raibh láimhdeachas de €1 nó níos lú agat don bhliain féilire roimhe).

Tá níos mó ná aon áitreabh amháin ag mo chuideachta. An meastar gach áitreabh asat féin?

Meastar na háitribh le chéile agus láimhdeachas agus meáchan pacáistíochta á thomhas. Tá na hiomláin carntha. I gcás go bhfuil an láimhdeachas níos airde ná €1m agus go dtáirgtear níos mó ná 10 dtonna pacáistíochta, is mórtháirgeoir an chuideachta agus mar sin de, ní mór di clárú leis na húdaráis áitiúla ábhartha NÓ le Repak.

Cad a tharlóidh mura gcomhlíonaim na Rialacháin?

Is cion é mainneachtain na Rialacháin a chomhlíonadh agus d'fhéadfadh fíneáil agus / nó ionchúiseamh a bheith mar thoradh uirthi.  Aon duine a bhreithneofar a bheith ciontach i gcion dlífear: 

  • Ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mór ná €3,000 agus / nó tréimhse príosúnachta suas le 12 mhí.    
  • Ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mór ná €15,000,000 agus / nó tréimhse príosúnachta suas le 10 mbliana.

(Alt 10, An tAcht um Bainistiú Dramhaíola, 1996, arna leasú) 

Céard é ról Chomhairle Contae Chorcaí?

Tá Comhairle Contae Chorcaí freagrach as an reachtaíocht a chur i bhfeidhm laistigh dá cheantar feidhmiúil agus ní mór di a chinntiú go bhfuil a gceanglais á gcomhlíonadh ina n-iomláine ag gach gnólacht.  Tá cumhachtaí ginearálta aici iniúchadh a dhéanamh ar gach áitreabh gnólachta agus aon doiciméid ábhartha nó Tuarascáil Phacáistíochta a iarraidh. 

Tobhach na Málaí Plaisteacha

Cad é an Tobhach Comhshaoil (Mála Plaisteach)?

Is tobhach é Tobhach Comhshaoil na Málaí Plaisteacha a thug an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil isteach den chéad uair ar an 4 Márta 2002 mar mhodh chun an úsáid a bhaintear as málaí plaisteacha siopadóireachta a laghdú agus chun úsáid málaí in-athúsáidte a spreagadh. Ar dtús, ba é 15 cent in aghaidh an mhála méid an tobhaigh. Ardaíodh an tobhach go 22 cent in aghaidh an mhála ar an 1 Iúil 2007.

Céard é an dlí maidir leis an Tobhach Comhshaoil - Na Rialachán um Málaí Plaisteacha?

Breathnaigh ar an reachtaíocht maidir le Tobhach na Málaí Plaisteacha ag na naisc seo a leanas:

Na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Tobhach Comhshaoil) (Mála Plaisteach) (Leasú) (Uimh. 2) 2007 - I.R. Uimh. 167 de 2007 ag leasú IR Uimh. 605 de 2001

Na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Tobhach Comhshaoil) (Mála Plaisteach) 2001 - I.R. Uimh. 605 de 2001

Cad é cuspóir an Tobhaigh Chomhshaoil - Na Rialacháin um Málaí Plaisteacha?

Is comhartha feiceálach síoraí iad málaí plaisteacha ar thruailliú bruscair i suíomhanna uirbeacha, tuaithe agus cósta agus baineann siad an bonn d'íomhá glan glas na hÉireann.

Tá béim fhrithbhruscair an-láidir leis an tobhach ar mhálaí plaisteacha siopadóireachta. Cuireann an tobhach comhshaoil ar úsáid málaí plaisteacha réiteach cuí ar fáil maidir le húsáid málaí plaisteacha a laghdú agus laghdaítear leis an tobhach fadhb comhshaoil an bhruscair a thagann astu dá bharr.

Cad a mheastar mar mhála plaisteach de réir an Tobhaigh Chomhshaoil - Na Rialachán um Málaí Plaisteacha?

De réir na Rialachán, ciallaíonn mála plaisteach mála atá déanta go hiomlán, nó i bpáirt, de phlaisteach, lena n-áirítear plaisteach in-bhithmhillte, agus atá oiriúnach lena úsáid ag custaiméir in ionad díolacháin, (ollmhargadh, ionad seirbhísí, ionad mearbhia, eischeadúnas, srl.), seachas mála atá díolmhaithe de réir na rialachán, féach thíos.

Meastar gur málaí plaisteacha iad málaí páipéir ag a bhfuil bratú plaisteach lannach agus/nó lámha atá déanta go hiomlán nó i bpáirt de phlaisteach - dá bhrí sin, tá feidhm ag an tobhach maidir leo de réir na rialachán freisin.

Cé air a bhfuil dualgais de réir an Tobhaigh Chomhshaoil - Na Rialachán um Málaí Plaisteacha?

Tá sé de cheangal ar mhiondíoltóirí a chuireann málaí plaisteacha siopadóireachta ar fáil do chustaiméirí an tobhach a ghearradh ag an bpointe díolacháin. Tá sé de cheangal ar chustaiméirí an tobhach 22 cent a íoc ar gach mála plaisteach ábhartha. Moltar do chustaiméirí málaí plaisteacha a athúsáid nó málaí in-athúsáidte siopadóireachta eile a úsáid.

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ó na Coimisinéirí Ioncam: Cáin agus Custaim na hÉireann.

Cad atá sé de cheangal ar mhiondíoltóirí a dhéanamh maidir leis an Tobhach Comhshaoil - Na Rialachán um Málaí Plaisteacha?

I gcomhréir leis an bprionsabal "íocadh an truaillitheoir", bailíonn miondíoltóirí an tobhach ó chustaiméirí, atá saor, dar ndóigh, an úsáid a bhaineann siad as málaí plaisteacha a laghdú nó deireadh a chur leis. Tá sé de cheangal ar mhiondíoltóirí málaí plaisteacha a bhfuil tobhach curtha i bhfeidhm orthu a mhiondealú ar leithligh ar admhálacha scipéad. Cuirtear fáltais an tobhaigh i gCiste Comhshaoil chun réimse tionscnamh bainistíochta dramhaíola agus bruscair agus tionscnaimh chuí eile arb aidhm dóibh an comhshaol a chosaint a mhaoiniú.

Cé dó a íocann an miondíoltóir an tobhach?

Tá an tobhach le híoc leis an Ard-Bhailitheoir. Tá tobhaigh arna mbailiú ag miondíoltóirí le híoc leis na Coimisinéirí Ioncaim go ráithiúil. Téann ioncam a fhaightear ó Thobhach Comhshaoil na Málaí Plaisteacha isteach sa Chiste Comhshaoil.

Ba cheart fiosrúcháin a bhaineann leis an tobhach comhshaoil ar mhálaí plaisteacha a chur faoi bhráid: 

Aonad na gCánacha ar Sheirbhísí agus Idirbhearta, 

Ard-Bhailitheoir, 

Lána an Mhuilinn, 

Lios Tuathail, 

Co. Chiarraí

Íosghlao: 1890 20 30 70 

Seoladh ríomhphoist: elevy@revenue.ie

Suíomh Gréasáin: http://www.revenue.ie

Cad a tharlóidh mura n-íoctar an tobhach?

Ar mhaithe le cothrom na Féinne a thabhairt dóibh siúd a chomhlíonann a n-oibleagáidí, cinnteoidh na Coimisinéirí Ioncaim go ndéanfar beart luath éifeachtach i gcoinne iad siúd a bhfuil sé de cheangal orthu an tobhach a íoc agus nach n-íocann. Úsáidfear na modhanna céanna chun an tobhach a aisghabháil agus na modhanna a úsáidtear chun cánacha a aisghabháil, viz. forfheidhmiú ag sirriam, imeachtaí sibhialta lena aisghabháil trí na cúirteanna agus astu tríú páirtithe. Úsáidfear modhanna eile forfheidhmithe más gá.

Cá mhéad atá ar an tobhach?

22 cent ina aghaidh an mhála phlaistigh inghearrtha, lena n-áirítear "Málaí don Saol" a dhíoltar ar níos lú ná 70c.

An ngearrtar an tobhach ar gach cineál mála plaistigh?

Ní ghearrtar. Tá cineálacha áirithe málaí plaisteacha díolmhaithe ón tobhach, mar a leagtar amach sna Rialacháin:

Go ginearálta, clúdaítear leis na rudaí atá díolmhaithe málaí in-athúsáidte siopadóireachta a dhíoltar ar 70 cent nó níos mó. Ní féidir an tobhach a ghearradh ar mhálaí nach n-úsáidtear ach amháin chun feoil úr, iasc, leac oighir nó éanlaithe a stóráil (bíodh siad pacáistithe nó ar bhealach eile), ar mhálaí nach n-úsáidtear ach amháin chun torthaí agus glasraí scaoilte agus bianna eile a stóráil nach mbíonn pacáistithe ar bhealach eile ná ar mhálaí nach bhfuil níos mó ná 225mm ar leithead (gan aon ghuiséad san áireamh), 345mm ar doimhneacht (guiséid san áireamh) agus 450mm ar fad, (lámha san áireamh).

Conas a bheidh a fhios ag custaiméir go bhfuil an tobhach gearrtha ar mhálaí plaisteacha a cuireadh ar fáil dó?

Tá sé de cheangal ar an miondíoltóir an tobhach a chur ar aghaidh chuig an gcustaiméir agus beidh ar an tobhach a bheith miondealaithe ar aon sonrasc, admháil scipéid nó dhuillín a thugtar don chustaiméir. Ní mór do mhiondíoltóirí méid iomlán an tobhaigh a chur ar aghaidh chuig custaiméirí mar tháille ag an scipéad.

Céard iad na roghanna malartacha ar Mhálaí Plaisteacha Aon Uaire?

Tá roghanna malartacha ar mhálaí plaisteacha siopadóireachta aon uaire ar fáil i siopaí anois, amhail málaí in-athúsáidte. Tá an tomhaltóir tar éis athrú chun na roghanna malartacha sin a úsáid. Tá málaí plaisteacha siopadóireachta atá ceaptha lena n-athúsáid díolmhaithe ón tobhach ar an gcoinníoll go ngearrann an miondíoltóir 70 cent ar a laghad as an mála.

Mura ngearrfar an tobhach 22 cent orm as mála plaisteach inghearrtha, cad ba cheart dom a dhéanamh?

Tá sé de cheangal ar mhiondíoltóirí an dlí a chomhlíonadh agus táille a ghearradh as málaí plaisteacha más infheidhme. Más mian leat gearán a dhéanamh faoi mhiondíoltóir nach bhfuil ag gearradh táille as málaí plaisteacha, ba cheart duit dul i dteagmháil le d'údarás áitiúil.

Rannóg Forfheidhmithe

Comhairle Contae Chorcaí,

Teil: 021 4532700



Cé dó ar féidir liom teagmháil a dhéanamh i gComhairle Contae Chontae maidir le Tobhach na Málaí Plaisteacha?

Anti-Litter Unit,

Environment Directorate

Cork County Council. 

Tel: 021-4285417

Email: antilitterunit@cokcoco.ie

 

Cé dó ar féidir liom teagmháil a dhéanamh sna Coimisinéirí Ioncaim maidir le Tobhach na Málaí Plaisteacha?

Aonad na gCánacha ar Sheirbhísí agus Idirbhearta, 

Ard-Bhailitheoir, 

Lána an Mhuilinn, 

Lios Tuathail, 

Co. Chiarraí

Íosghlao: 1890 20 30 70 

Seoladh ríomhphoist: elevy@revenue.ie

Suíomh Gréasáin: http://www.revenue.ie