Comhshaol

Toibreacha Príobháideacha a Chosaint

Ní rialaítear toibreacha príobháideacha faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Uisce Óil), 2014.

Is tobar príobháideach é tobar atá faoi úinéireacht phríobháideach agus a sholáthraíonn uisce do theach aonair agus nach soláthraíonn uisce don phobal tri ghníomhaíocht thráchtála ná shóisialta.

Níl aon ról ag Uisce Éireann in astarraingtí maidir le soláthairtí príobháideacha uisce.  Ní bhaineann táillí uisce le húinéirí toibreacha príobháideacha a fhad is nach bhfuil siad ceangailte le soláthar poiblí uisce freisin.

Ciallaíonn sé seo gur tusa atá freagrach as cáilíocht uisce do thobair; tá d'údarás áitiúil freagrach as comhairle agus treoir a thabhairt, áfach, maidir le do sholáthar a chosaint. 

Tá sé tábhachtach go bhfuil gach duine ar an eolas maidir leis na rioscaí a bhaineann le huisce a thagann ó thoibreacha príobháideacha.  Ní chiallaíonn sé go bhfuil uisce sábháilte lena ól i gcónaí díreach toisc go dtagann sé ó áit faoin talamh.

Tá tuilleadh eolais maidir le do thobar príobháideach a chosaint ar fáil ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil as an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.