Comhshaol

Úinéirí Limistéar a bhfuil rochtain ar an bpobal orthu agus Bruscar

Más tusa úinéir nó an duine freagrach as áit a bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi, tá oibleagáid ort an áit a choinneáil saor ó bhruscar, is cuma cén áit ónar tháinig an bruscar sin. Baineann sé sin le haon limistéar poiblí agus d'fhéadfadh comharsanacht ionad siopadóireachta, campas scoile, páirc phoiblí, stáisiún bus nó traenach a bheith i gceist.