Beartas Um Luach Saothair D’ealaíontóirí
Déanann ealaíontóirí cruthaitheacha agus léirmhínitheacha, oibrithe ealaíon agus daoine eile laistigh d’earnáil na n-ealaíon obair mhór ar son shaol cultúrtha agus cruthaitheach ár saoránach. Léirítear a bhuíche atá muid as a leithéid de chuidiú sa luach praiticiúil a chuirimid ar an obair seo. Áirítear leis sin rátaí córa íocaíochta, dálaí réasúnta oibre, comhdheiseanna, trédhearcacht maidir le soláthar agus aitheantas do chearta maoine intleachtúla ealaíontóirí a chinntiú.
Mar chomhlacht corparáideach a bhfuil ról reachtúil aige i soláthar ealaíon áitiúil, tá Comhairle Contae Chorcaí tiomanta do dhálaí maireachtála agus oibre ealaíontóirí a chur chun cinn. Cuirtear an tiomantas seo in iúl i mbeartas, bunaithe ar bheartas náisiúnta maidir le luach saothair ealaíontóirí agus ag teacht leis mar atá leagtha amach ag an gComhairle Ealaíon i ndoiciméid éagsúla, lena n-áirítear Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh 1, Dálaí maireachtála agus oibre ealaíontóirí i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann 2010, agus, le déanaí, in Luach Saothair don Ealaíontóir: Beartas de chuid na Comhairle Ealaíon maidir le luach saothair agus conraitheoireacht atá cóir agus cothrom d’ealaíontóirí (2020). Tá an beartas seo ullmhaithe ag Coiste um Beartas Straitéiseach Cultúir agus Teangacha Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí. Tá sé mar aidhm aige spriocanna beartais soiléire agus caighdeáin dea-chleachtais a leagan amach a bheidh mar threoir agus bonn eolais ag rannpháirtíocht Chomhairle Contae Chorcaí le healaíontóirí. Bunaítear leis freisin caighdeán dea-chleachtais a bhfuilimid ag súil leis go ndéanfaidh eagraíochtaí a ndéanaimid maoiniú orthu nó a n-oibrímid leo é a chomhlíonadh.