Na hEalaíona

Creatlach don Chomhoibriú

 

Is comhaontú é an Chreatlach don Chomhoibriú idir an Chomhairle Ealaíon agus an Cumann Bainistíochta Contaetha agus Cathracha chun na hEalaíon a fhorbairt tuilleadh i ngach contae in Éirinn.

Ligfidh an comhaontú don Chomhairle Ealaíon agus do na hÚdaráis Áitiúla cur chuige atá níos éifeachtaí agus níos seasmhaí a fhorbairt i dtaca leis na hEalaíona a mhaoiniú bunaithe ar phríomhphrionsabail forbartha ealaíon, rannpháirtíochta pobail agus pleanála spásúlachta. Ligeann sé don Chomhairle Ealaíon agus do na hÚdaráis Áitiúla torthaí spriocdhírithe a shocrú ionas go mbeifear in ann tionchar an chaidrimh sin a thomhas agus leibhéil mhéadaithe rannpháirtíochta agus caidrimh pobail a fheiceáil.