Na hEalaíona

Scannánaíocht

Aidhm: Tacú leis an earnáil chlosamhairc a fhorbairt i gCorcaigh. Tá Film in Cork bunaithe ag Comhairle Contae Chorcaí, i gcomhar le Comhairle Cathrach Chorcaí, chun cabhrú le deiseanna scannánaíochta i Réigiún Chorcaí a chur chun cinn. Tá na spriocanna seo a leanas ag Film in Cork:

  • Tacú leis an earnáil áitiúil scannánaíochta agus í a chur chun cinn
  • Corcaigh a chur chun cinn mar shuíomh léirithe scannán
  • Seirbhísí suímh agus tacaíocht ar glaoch a chur ar fáil do léiriú scannán.

Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Rossa Mullin ar 086 3066900 nó ar ríomhphost.