Leabharlanna

An Ceart chun Léitheoireachta

Is clár náisiúnta é an Ceart chun Léitheoireachta a bhfuil an Straitéis Leabharlanna Poiblí, Ár Leabharlanna Poiblí 2022, mar thaca aige: Pobail a Spreagadh, a Cheangal agus a Chumasú. 

Mar chuid den chlár Cheart chun Léitheoireachta, cruinnítear le chéile údaráis áitiúla agus comhlachtaí áitiúla a thacaíonn le forbairt na litearthachta agus na léitheoireachta sa cheantar áitiúil ionas gur féidir cur chuige comhordaithe a chur i bhfeidhm chun na seirbhísí sin a chur ar fáil do dhaoine aonair, teaghlaigh agus páistí sa phobal.

Bíonn Leabharlann Chontae Chorcaí ag díríú isteach go príomha ar imeachtaí amhail Spring into Storytime, Réaltaí Samhraidh, Féile Leabhar na bPáistí, Am Teaghlaigh i do Leabharlann, cruinnithe clubanna leabhar i leabharlanna éagsúla agus imeachtaí eile i rith na bliana a chuireann litearthacht agus forbairt an léitheora chun cinn.

Cuireann Leabharlann Chontae Chorcaí réimse leathan acmhainní agus imeachtaí ar fáil do scoileanna chun tacú le scileanna litearthachta, uimhearthachta, cruthaitheachta agus cumarsáide páistí a fhorbairt. 

Déan teagmháil linn ag schools.library@corkcoco.ie chun iarratas a chur isteach nó le tuilleadh eolais a fháil.