Leabharlanna

Cad é an tionscnamh Sláinte Éireann i do Leabharlann?

Tá tionscnamh Shláinte Éireann i do Leabharlann mar chuid den straitéis náisiúnta atá maoinithe ag an Roinn Sláinte chun sláinte agus folláine an Náisiúin a fheabhsú. Ó tionscnaíodh é in 2017, tá an tionscnamh á gcur i bhfeidhm ar fud ghréasán brainsí Leabharlann Chontae Chorcaí agus tá bailiúchán de leabhair, ríomhleabhair, ríomh-irisleabhair agus ríomh-chlosleabhair a bhaineann leis an gclár Sláinte Éireann ar fáil anois i ngach leabharlann ar fud an chontae. Tá sé d'aidhm ag an tionscnamh an tseirbhís faisnéise sláinte i do leabharlann áitiúil a fheabhsú agus baineann bailiúchán Sláinte Éireann le réimse leathan ábhar amhail an aclaíocht agus an cothú, an mheabhairshláinte agus an fholláine, sláinte na n-óg, agus fadhbanna andúile.