Leabharlanna

Summer Reading Programme

Bain sult as spraoi agus spleodar na léitheoireachta agus Seirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí ag ceiliúradh é seo i rith mhí Aibreáin.

Tugann am scéalaíochta tacaíocht do comhchruinniú agus scileanna cumarsáide agus forbraíonn sé cruthaitheachta agus samhlaíochta i bpáistí.  Ba bhreá linn cuireadh a thabhairt do pháistí agus dá dtuismitheoirí agus dá gcúramóirí páirt a ghlacadh ann agus sult a bhaint as am scéalaíocht linn!  Beidh foireann na leabharlainne ag léamh ag roinnt dár bhrainsí agus beidh na seisiúin seo go léir saor in aisce.

Is féidir léat draíocht na scéalaíochta a thabhairt abhaile leat trí chuairt a thabhairt ar an leabharlann agus leabhair a fháil ar iasacht.  Beidh neart scéalta iontacha ar fáil inár leabharlanna.  Cad faoi gnáthamh nua a bhunadh, na scáileáin a dhúnadh agus iarracht a dhéanamh roinnt ama a chaitheamh ag léamh? 

Tugann scéalta am codlata cabhair le nasc a chothú idir tuismitheoirí agus páistí, scíth a chur chun cinn trí leibhéil struis a ísliú agus scileanna litearthachta a fhorbairt.

“You can find magic wherever you look.  Sit back and relax all you need is a book!” – Dr. Seuss.

Tá ballraíocht na leabharlainne saor in aisce agus tá liosta dár suíomhanna brainse le sonraí teagmhála agus uaireanta oscailte ar fáil ar ár suíomh gréasáin ag https://www.corkcoco.ie/en/resident/libraries. 

Coiméad súil freisin ar ár leathanaigh Facebook agus Twitter chun eolas a fháil faoi imeachtaí atá le teacht.

Faigh nuashonruithe rialta ar imeachtaí leabharlainne chuig do bhosca isteach trí chlárú lenár nuachtlitir le bhaint a úsáid as an nasc seo a leanas - https://public.govdelivery.com/accounts/IECORKCOCO/subscriber/new

Chun níos mó eolais a fháil, déan teagmháil le Leabharlann Chomhairle Contae Chorcaí ag 

CorkCountyLibrary@CorkCoCo.ie.