Leabharlanna

Clár Teiripe Leabhair "Your Good Self"

Is comhthionscnamh spéisiúil de chuid an FSS, Leabharlann Chontae Chorcaí agus Leabharlann Chathair Chorcaí é Your Good Self. Tá sé d'aidhm ag an gclár "Your Good Self" faisnéis d'ardchaighdeán a chur ar fáil do mhuintir Chorcaí maidir le conas aire a bhfolláine mhothúchánach a fheabhsú mar chuid dá sláinte iomlán. Tá bailiúcháin ar fáil ag roinnt de na leabharlanna brainse agus mura bhfuil siad ar fáil, is féidir iad a iarraidh. Tá ár seirbhís leabharlainne taistil ag glacadh páirt sa chlár chomh maith agus is féidir eolas a fháil faoin mbailiúchán taistil trí ghlaoch a chur ar Cheanncheathrú na Leabharlainne ar 021 4546499.

Sna naisc seo a leanas gheobhaidh tú bileog faisnéise (pdf) faoin tionscnamh agus tá liosta iomlán ann freisin den ábhar atá molta ag baill foirne Síceolaíochta de chuid an FSS le haghaidh Daoine Fásta (pdf) agus le haghaidh Teaghlaigh agus Páistí (pdf).

Tá foireann síceolaíochta FSS (HSE) tar éis roinnt teidil atá ar fáil ar BorrowBox a mholadh agus a athbhreithniú i ríomhleabhar agus/nó r-chlosleabhar. Baineann siad le réimse leathan topaicí, ó fholláine go aireachas. Má shéantar teidil a sheiceáil amach, is féidir leat iad a chur in áirithe. Chun rochtain a fháil ar na teidil seo trí BorrowBox, téigh go dtí an leabharlann ar líne.

Tugann baill foirne Síceolaíochta de chuid an FSS cainteanna ar ábhair ghaolmhara le linn na bliana freisin, mar sin bí i dteagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun tuilleadh sonraí a fháil.

Ní bhaineann tionchar Covid-19 leis na srianta atá romhainn amháin, tá tionchar mothúchánach ann freisin.

D’fhorbair ár gcomhpháirtithe, Seirbhíse Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí mar chuid de Your Good Self: Cork’s Positive Self-Help Bibliotherapy Programme, HSE Cork Kerry Community Healthcare, acmhainn iontach ar líne chun cabhrú linn go léir ár scileanna athléimneachta agus déileála a fhorbairt, le linn Covid-19.

Sa chéad chlár seo sa tsraith Five More Ways in Five Days, labhraíonn Príomh-Speisialtóir Síceolaí i Sláinte Leanaí agus Déagóirí, Ella Lovett, faoin gcaoi ar féidir linn cabhrú le leanaí agus teaghlaigh imní agus buarthaí de bharr Covid-19, a shárú.

Five More ways over Five days – Working with young children

Sa dara heachtra seo sa tsraith Five More Ways in Five Days, labhraíonn Anthony Kiernan, Síceolaí Sinsearach CKCH, Sláinte Leanaí agus Déagóirí, faoin gcaoi ar féidir linn cabhrú le daoine óga imní agus buarthí de bharr Covid-19, a shárú.

Five more ways over Five days – Working with Teenagers

Lán le leideanna agus moltaí den scoth chun dearcadh sláinte meabhrach níos dearfaí a chur chun cinn maidir le déileáil le strus, is acmhainn luachmhar í an tsraith físeán seo do gach duine, a bhfuil ar fáil saor in aisce, le feiceáil ar líne.

Leaganacha Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) de fhíseáin móréilimh CKCH “Five Ways over Five Dayss” curtha ar fail.

Foilsíodh an tsraith físeán Five Ways Over Five Days ar dtús chun comhairle a thabhairt ar conas ár sláinte mheabhrach agus ár bhfolláine a laimhseáil le linn paindéime Covid-19. Ar na físeáin, tá an Príomh-Bhainisteoir Síceolaíochta Daniel Flynn ag tabhairt comhairle, leideanna agus treorach a raibh an-tóir orthu, agus na mílte daoine tar éis féachaint orthu.

 

Anois, tar éis comhoibriú idir Síceolaíocht Cúraim Phríomhúil Cúram Sláinte Pobail Chiarraí,  Sláinte agus Folláine Cúram Sláinte Pobail Chorcaí-Chiarraí agus Club Bodhar Chorcaí, tá  trí cinn den tsraith le Teanga Chomharthaíochta iomlán na hÉireann (ISL) curtha ar fail, le ateangaire teanga chomharthaíochta le feiceáil ar an scáileán san áireamh.

 

Cuireann na físeáin ar fáil leideanna luachmhara maidir le conas is féidir linn ár gcuid mothúcháin agus caidreaimh a láimhseáil le linn na n-amanna deacra seo agus clúdaíonn siad:

Féach ar Éire Sláintiúil i gCúram Sláinte Pobail Chorcaí Chiarraí  chun bileoga tacaíochta agus cleachtais aireachais a fháil.