Leabharlanna

Contae Amháin, Leabhar Amháin- 2022

Tá áthas ar an tSeirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí a fhógairt gur roghnaíodh an leabhar 'Not My Problem' le Ciara Smyth, don bhfeachtas One County, One Book, do Dhéagóirí agus d’Aoisaigh Óga.

Is úrscéal teacht-in-aois croíiúil é 'Not My Problem', a phléann saincheisteanna mar andúil agus uaigneas, ach faoi dheireadh a bhfuil líonta le grá agus a dhéanann iniúchadh ar na ceangail doimhne a théann le chéile le fíorchairdeas.

Ta cónaí ar Ciara Smyth i mBéal Feirste, agus í ag obair mar oibrí sóisialta go lánaimseartha ag an am céanna le ficsean do d’aosaigh óga, a bhfuil duaiseanna buaite aige, a scríobh. Cuireadh a céad leabhar, The Falling in Love Montage, ar an ngearrliosta don An Post Irish Book Awards i 2020 agus bhuaigh sé catagóir Junior Juries don KPMG Children’s Books Ireland, sa bhlian 2021. Is é 'Not my Problem' an dara úrscéal d’aoisaigh óga do chuid Ciara agus bhuaigh sé an chatagóir Waterstone Children’s Prize, Older Readers, sa bhlian 2022, chomh maith le bheith ar an ngearrliosta don An Post Irish Book Awards i 2022.

Mar chuid den chlár, spreagfar aoisaigh óga agus déágóirí chun 'Not My Problem' a léamh agus beidh deiseanna acu bualadh leis an údar agus an leabhar a phlé sa mhí Deiread Fomhair and sa mhí na Samhna, 2022.

Dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir, Danny Collins: 

"Is achmhainn iontach iad ár leabharalanna, áit inar féidir le daoine de gach aois teacht chun sos a thógaint, agus taithneamh a bhaint as an siamsaíocht a mbíonn ar fáil. Is féidir le húrscéalta muid a iompar go háiteanna i bhfad uainn agus tugann siad cabhair dúinn a bheith ag smaoineamh ar rudaí i bhealaí nua. Tá súil agam go rachfaidh déagóirí agus aosaigh óga ar fud an Chontae i ngleic leis an gclár iontach seo agus go gcabhraíonn sé le grá don léitheoireacht a chothú iontu, a leanfaidh ar feadh an tsaoil."

Dúirt Emer O’Brien, Leabharlannaí Contae Chorcaí: “Tá áthas ar an tSeirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí a fhógairt gur roghnaíodh an leabhar Not My Problem le Ciara Smyth, don bhfeachtas One County, One Book, 2022 do Dhéagóirí agus d’Aoisaigh Óga. Leis an gclár seo, tá sé mar aidhm againn litearthacht agus léithóireacht a chur cinn ar mhaithe le pléisiúr i measc aoisaigh óga agus iniúchadh a dhéanamh ar mhothúcháin, ar théamaí agus ar charactéir a d’fhéadfadh a bheith acu sa saol mar atá trí mhéan an fhicsin.

Beidh cóipeanna do 'Not My Problem' ar fáil i ngach brainse leabharlainne agus leabharlann taistil ar fud an chontae ó Mhéan Fomhair 2022. Tá an tionscadal á mhaoiniú ag Leabharlann Chomhairle Contae Chorcaí, in éineacht le hÉire Ildánach.

Achoimre ar Dhoiciméid