Leabharlanna

Cúrsaí Ríomhfhoghlama

Foghlaim ar líne le Universal Class.

Is trom an t-ualach an t-aineolas: seans agat anois rud éigin nua a fhoghlaim le Universal Class. Soláthraíonn sé níos mó ná 500 cúrsaí ríomhfhoghlama ar líne, a éascaíonn teagascóirí fíor a dhéanfaidh maoirseacht ar do chuid foghlama trí thascanna a chur ar fáil le cur i gcrích ar do luas féin. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an teagascóir chomh maith le haon cheisteanna trí romhphost. Ag deireadh an chúrsa, gheobhaidh tú teastas críochnaithe.

Is féidir le duine clárú i suas le cúig chúrsa ag an am, le rochtain ar gach ceann 24/7 agus suas le sé mhí a bheith acu chun gach cúrsa a chríochni ón am a chláraítear iad.

Is féidir le baill leabharlanna a bhfuil cárta leabharlainne gníomhach acu, rochtain a fháil ar an acmhainn seo saor in aisce in áit ar bith,  trína n-uimhir chárta leabharlainne a úsáid agus iad ag clárú.

Is féidir leat féachaint ar rang teagaisc físeán faoi conas rochtain a fháil ar chúrsaí Universal Class ar líne. 

Maidir le aon cheisteanna tacaíochta, seol ríomhphost chuig universalclass@wfhowes.co.uk

 *Is cúrsaí neamhchreidmheasa iad seo.