Leabharlanna

Feachtas Fás Ar Aghaidh É - Grow It Forward Campaign

Tá an feachtas Grow It Forward ar siúl! 

Is clár nua-sheolta é Grow It Forward á leathadh amach ag Leabharlanna Éireann i gcomhar leis an ngluaiseacht Grow It Yourself (GIY) agus Healthy Ireland. 

Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas: 

  • Grá chun bheith amuigh faoin aer a fhorbairt agus na buntáistí fisiciúla agus do shlainte mheabhrach a bhaineann le ham a chaitheamh amuigh faoin aer a chothú.
  • Cé chomh furasta agus chomh fiúntach atá sé a thaispeáint do dhaoine, do chuid glasraí féin a fhás. 
  • Feasacht a chur chun cinn faoi na buntáistí comhshaoil a bhaineann le do bhia féin a fhás. 
  • Daoine a spreagadh chun a gcuid táirgí blasta féin a fhás agus a ithe agus chun nasc a dhéanamh leis an áit as a dtagann a gcuid bia, chun roghanna sláintiúla a dhéanamh, a chur chun cinn.

Tabharfar, creid é nó na creid, 50,000 trealaimh chun bia a fhás saor in aisce le linn an fheachtais. Tá go leor síolta i ngach trealamh, dóthain fiú le roinnt le  naonúr eile, bíodh sé i bhfoirm síol, síológ, plandaí nó táirgí; leis sin beidh leath mhilliún duine ar fud na hÉireann in ann taitneamh a bhaint as an raon leathan tairbhí a thagann as bia a fhás sa bhaile. 

Coiníonn gach pacáiste chun bia a fhás síolta le haghaidh biatais, cairéid, duilleoga sailéid, piseanna agus trátaí, chomh maith le treoracha maidir leis an fháis agus clibeanna bronntanais chun cabhrú iad a roinnt le daoine eile. Gheobhaidh gach éinne a chláraíonn r-phoist go rialta le tacaíocht cabhrach agus beidh saibhreas saineolais agus pobal atá ag méadú acu trí thacaíochtaí agus fóraim ar líne le GIY. 

Má tá suim agat páirt a ghlacadh, níl ort ach teagmháil a dhéanamh le do leabharlann áitiúil, ach déan deifir mar tá éileamh as cuimse orthu agus ní bheidh ceann ar bith fághta le gairid! 

Acmhainní agus imeachtaí ar líne: 

Féach ar chuid de na físeáin ar ár gCainéal YouTube chun cócaireacht a dhéanamh in éineacht le:

 

Béilí Biastas agus Trátaí Grow It Forward de chuid Darina Allen.

Béilí ionatch Cairéid agus raidis Grow It Forward de chuid Darina Allen.

An bhfuil roinnt táirgí deasa Grow It Forward agat sa bhaile? Más amhlaidh, tá sé in am duit triail a bhaint as cuid d’oidis bhlasta Darina Allen Grow It Forward thíos! 

Oidis Leabhrán a hAon:

•    Sailéad Cairéad agus Úll le Blastán Mil agus Fínéagar

 

•    Cairéid Rósta le Labneh agus Pistachio

 

•    Raidisí le im agus salann mara.

•    

Oidis Leabhrán a Dó:

 

•    Biatas picilte, Chorizo agus sailéad uibhe cruabheirithe

 

•    Biatas picilte

 

•    Maonáis baile

 

•    Sailéad Trátaí, Oinniún Dearg agus Basil

Ceiliúrann Emer as Leabharlann Mhainistir na Corann an feachtas Grow It Forward le thaispeáint dúinn conas Chístíní Cupa Seacláid Dhorcha agus Biatas le reoán seacláide iontach le Donal Skehan a dhéanamh. 

Féach ar suíomh gréasáin Donal Skehan chun an t-oideas a fháil.

Muifíní Císte Cairéad le Emer as Leabharlann Mhainistir na Corann.

 

Muifíní císte cairéad iontach le reoán cáis uachtair, slí iontach chun do tháirge Grow It Forward a úsáid!

Oideas:

 

Muifíní Císte Cairéad - Déanann 12 muifíní

Comhábhair:

Do na Muifíní

Ola lus na gréine 140ml

3 uibheacha

Siúcra Donn Eadrom Bog 220g

Plúr Éiritheach 250g

Púdar Bácála 1tsp

Spíosra Measctha 2 tsp

Cairéad ghrátáilte 300g

Sabhdánaigh 100g

Craiceann Oráiste amháin

Don Reoán Cháis Uachtar

Cáis uachtar 300g

Im 70g

Úsc Fanaile 1 tsp

Siúcra Reoáin 200g

Trealamh:

Tráidire Chístín Cupa agus Cásanna Muifíní

Babhla Measctha

Criathar

Spúnóg Adhmaid

Greadtóir

Spadal

Modh:

Réamh-théigh an oigheann go 180C / 350F / Marc Gáis 4

Maidir leis na Muifíní:

I mbabhla measctha, buail na huibheacha le greadtóir, ansin cuir an siúcra donn leis agus measc

Cuir an cairéad grátáilte, na sabhdánaigh agus an craiceann oráiste isteach agus measc le spúnóg adhmaid go dtí go bhfuil siad comhcheangalite

Cuir 12 chás muifíní i do thráidire cístín cupa, cuir isteach sna cásanna páipéir 

le spúnóg an meascán

Bácáil san oigheann ar feadh thart ar 30 -35 nóiméad nó go dtí go dtagann briogún amach glan

Maidir leis an Reoán

Buail an t-im agus an cáis uachtair le chéile i mbabhla go dtí go mbeidh siad comhcheangailte go maith

Cuir an t-úsc fanaile agus an siúcra reoáin leis agus measc go dtí go mbeidh an reoan réidh agus tiubh

Le scian pailéad, scaip an reoán thar na muifíní atá fuaraithe go hiomlán

Cuir sa chuisneoir é le socrú.

Ná déan dearmad go bhfuil Borrowbox, ár n-aip leabharlainne r-leabhar agus ár n-acmhainní r-iris oscailte agus saor in aisce i gcónaí le do chárta leabharlainne! 

Tá an dá fhoilseachán a bhainneann le Grow It Yourself ar fáil ar BorrowBox mar aon le neart leabhar garraíodóireachta, leabhair faoi conas bia a fhás agus cócaireachta, ar féidir leat féachaint thart orthu.

Chun treoracha ar conas rochtain a fháil, cliceáil anseo.

Faigh tuilleadh eolais faoi Fás Ar Aghaidh É.

Tá sé ar fad ar súil ag an leabharlann!