Leabharlanna

Físeáin Work Matters

CV, LinkedIn agus leideanna agallaimh ar líne le Ciarán Hourican

Is stiúrthóir bainistíochta le H Training é Ciarán Hourican  Is cóitseálaí agus meantóir san ionad oibre é Ciarán. D'oibrigh sé go fairsing sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha agus níos déanaí, i réimse na teicneolaíochta.

Físeán a 1 - Agallaimh ar líne le Ciarán Hourican 

Déanann Ciarán plé ar na buntáistí duit a bhaineann leis an fhormáid agallaimh seo agus na deiseanna atá ar fáil d’fhostaithe maidir le cianobair. Faigh leideanna maidir le conas fadhbanna teicniúla le hagallaimh ar líne a bhainistiú.

Físeán a 2CVanna agus LinkedIn le Ciarán Hourican

Pléann Ciarán tábhacht CVanna agus próifíl LinkedIn. Faigh amach conas CV tioncharach a chruthú – bí ag smaoineamh ar do lucht spéise agus cad é cuspóir an doiciméid. Cad é LinkedIn agus conas é a úsáid agus leideanna mar gheall ar rudaí a dhéanann agus nach ndéannann. 

Físeán a 3 - Conas go  n-éireoidh leat ag agallaimh le Ciarán Hourican

Sa taifeadadh seo, clúdaíonn Ciarán conas seasamh amach ag agallamh - conas do bhuntáiste a fháil chun a bheith suaithinseach i lár slua agus conas do néaróga a bhainistiú. Labhraíonn sé chomh maith faoin teicníc STAR.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Ciarán agus ar H Training.

Taifeadtaí gairme le Susan Manning

Is speisialtóir gairme í Susan, a bhfuil taithí níos mó ná fiche bliain aici in AD agus i 2019, chuir sí tús lena comhairleacht féin. Féach ar a físeáin ar YouTube le haghaidh roinnt comhairle gairme.

Físeán a hAon - Soiléire gairme le Susan Manning

San fhíseáin seo, labhraíonn Susan faoi shoiléire gairme a fháil agus tugann sí achoimre ar cheithre chéim chun cabhrú leat an post is breá leat a fháil.

Físeán a Dó - Conas do shlí bheatha a thiontú le Susan Manning

Sa taifeadadh seo, labhraíonn Susan faoi conas do ghairm bheatha a thiontú. Labhraíonn sí trí chúig chéim chun cabhrú leat tosnú agus roinnt ceisteanna chun machnamh a dhéanamh orthu, chun cabhrú leat tús a chur chun do shlí bheatha a athrú.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Susan Manning, féach ar a suíomh gréasáin.

Ag filleadh ar an obair i lár an tsaoil & na dúshláin a bhaineann leis an meanapás Breeda Bermingham

Déanann Breeda oiliúint ar mhná agus oibríonn sí sa réimse chun mná a chumhachtú agus athruithe dearfach i lár an tsaoil a bhainistiú. D’oibrigh Breeda mar bhean ghlúine agus lean sí ar aghaidh chun bheith ina fiontraí sóisialta, a bhunaigh an Midlife WomenRock Project agus na Caiféanna, agus is céimí síceolaíochta agus socheolaíochta í.

 

San fhíseán seo, labhraíonn Breeda faoi eagla agus an misneach agus an mhuinín a bhíodh aici agus í filleadh ar an oideachas agus conas athruithe a dhéanamh i lár an tsaoil agus cumas ceannaireachta nádúrtha na mban i lár a saoil.

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuait ar Midlife Women Rock Project.

Gairmeacha agus oiliúint i réimse na hOidhreachta agus an Chultúir le Shane Lehane. 

Is é Shane Lehane comhordaitheoir an chúrsa don Léann Cultúrtha agus Oidhreachta i gColáiste Stiofáin Naofa. Tá breis agus tríocha bliain taithí ag Shane in earnáil na hoidhreachta.

Sa tsraith seo de thrí thaifead, labhraíonn Shane faoin iliomad roghanna éagsúla fostaíochta atá ar fáil i réimse na hoidhreachta agus an chultúir, faoi na scileanna atá úsáideach agus faoi na deiseanna oiliúna atá ar fáil. 

Físeán 1 - Poist & gairmeacha san earnáil oidhreachta agus cultúir cuid a 1 le Shane Lehane 

Sa chéad taifeadadh seo, tugann Shane achoimre ar chuid de na roghanna fostaíochta 'traidisiúnta' a d'fhéadfadh a bheith ann i réimse na turasóireachta cultúrtha agus oidhreachta. Pléann Shane na cáilíochtaí atá ag teastáil chun oibriú sa réimse seo agus cé hiad na príomhfhostóirí.  

Físeán 2 - Poist & gairmeacha san earnáil oidhreachta agus cultúir cuid a 2 le Shane Lehane 

Sa dara taifeadadh labhraíonn Shane faoi thábhacht na fiontraíochta agus nideoige a aimsiú i do phobal féin. I measc na roghanna tá a bheith i d'fhiontraí i réimse na hoidhreachta, mar shampla crúsálacha cuain, turais siúlóide, stair teaghlaigh agus ginealas.  Pléitear an tábhacht a bhaineann le scileanna taighde agus eagrúcháin agus conas is féidir leo a bheith infheidhme san earnáil oidhreachta. Pléitear chomh maith obair dheonach do ghrúpaí oidhreachta eile agus conas a chuireann an obair seo le pobail áitiúla agus leis na buntáistí a bhaineann leis an ngeilleagar áitiúil agus leis an dturasóireachta. 

Físeán 3 - Oiliúint agus scileanna san earnáil cultúir agus oidhreachta le Shane Lehane

Pléann Shane eispéireas na mac léinn i CSN agus éagsúlacht na dtionscadal a raibh baint acu leo agus conas is féidir na heispéiris seo a chur i bhfeidhm i suíomh oibre. Léiríonn turais allamuigh na daltaí cén cineál oibre atá ar fáil.  Scileanna taispeántais -conas taispeántas a thaispeáint agus a ghléasadh, chomh maith le scileanna samhail a dhéanamh agus scileanna grainghrafadóireachta, maoiniú agus margaíocht na dtaispeántas, is scileanna ábhartha iad go léir le bheith ag obair san earnáil seo.