Leabharlanna

Imeachtaí do Dhaoine Óga

Bíonn imeachtaí agus gníomhaíochtaí do pháistí agus do dhéagóirí ar siúl againn go rialta amhail am scéalaíochta, grúpaí naíonán, cuairteanna údair, drámaí puipéad, ceardlanna ceardaíochta & scríbhneoireachta agus clubanna leabhar. Féach ar ár bhféilire nó déan teagmháil le do leabharlann áitiúil chun eolas a fháil faoi na himeachtaí atá ar siúl i do cheantar féin. 

The Superhero from Cork

D’osclaíodh an Comórtas scríbhneoireachta chruthaitheach The Superhero from Cork  do pháistí bunscoile do ranganna scoile 4 ú , 5 ú agus 6 ú i gContae Chorcaí. 

 

Ní rabhamar in ann leabhair a chur ar fáil do na páistí mar gheall ar leabharlanna a bheith dúnta agus d’iarramar orthu scéal a scríobh dúinn ina ionad. 

 

Roghnaíodh triúr buaiteoirí, ceann as gach grúpa ranga ach stórálfar gach iontráil sa chomórtas i gcartlann speisialta COVID-19 atá á chur le chéile ag Seirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí. 

 

Úsáidfidh staraithe na todhchaí an acmhainn seo agus iad ag breathnú siar ar na hamanna neamhghnácha seo de COVID-19. 

 

Beidh na scéalta a bhuaigh le feiceáil ar an Kidzone don Evening Echo i gCorcaigh ar an Luan 8 ú, 15 ú agus 22 ú Meitheamh , agus chomh maith ar Red FM le Dave Mac idir 4-7i.n., Dé Luan 8 ú Meitheamh  . 

 

Is iad na buaiteoirí ná:

 

Slaney O’Brien as Scoil Phádraig Naofa, Baile an Róistigh, Co. Chorcaí (buaiteoir rang 6)

 

Katie O'Regan as Scoil Naomh Fionán na Reanna, Co. Chorcaí ( buaiteoir rang 5) 

 

Donnacha McMahon as Scoil Náisiúnta Seandroma, Co. Chorcaí ( buaiteoir rang  4)

Summer Stars

Seolfaidh Leabharlann agus Seirbhís Ealaíon Chontae Chorcaí an clár léitheoireachta Summer Stars go luath agus beidh sé ar siúl i rith na míosa Meitheamh, Iúil agus Lúnasa. Bí linn i mbliana agus muid ag tairiscint Léitheoireacht Samhraidh ó do leabharlann áitiúil, ríomhleabhair agus closleabhair ó Borrowbox, tomhais agus comórtais, léamha leabhar agus spraoi eile chun siamsaíocht a thabhairt duit i rith an tSamhraidh.