Leabharlanna

Leabharlanna Taistil

Ag Freastal ar Phobail Tuaithe

Cuireann na leabharlanna tuaithe seirbhís leabharlainne ar fáil do phobail tuaithe nach bhfuil rochtain acu ar ár seirbhís leabharlainne brainse.

Tá réimse leathan leabhar do dhaoine fásta agus do pháistí le fáil sna leabharlanna taistil chomh maith le closleabhair, rochtain Idirlín agus seirbhís saor in aisce inar féidir le daoine leabhair nach bhfuil i stoc a iarraidh. Tá an tseirbhís leabharlainne taistil ina cuid lárnach de fhreagairt Chomhairle Contae Chorcaí ar riachtanais léitheoireachta agus faisnéise an phobail ó thosach na 1960idí.

Cé go bhfuil gréasán na mbrainsí níos fairsinge anois, tá ról fíorthábhachtach fós ag an tseirbhís leabharlainne taistil maidir le seirbhís leabharlainne a chur ar fáil do phobail iargúlta, daoine a bhfuil rochtain teoranta acu ar mhodh iompair, daoine faoi mhíchumas agus daoine óga. Leis an leabharlann taistil, tógtar seirbhís an údaráis áitiúil go croílár an phobail tuaithe.

Tá léarscáil dár seirbhís leabharlainne taistil le fáil anseo.

Féach ar Féilire Leabharlanna Taistil (pdf).

Seo iad sonraí teagmhála na leabharlann taistil:

Leabharlann Taistil Thoir:

R-phost: mobilelibraryeast@corkcoco.ie

Guthán: (086) 4603287

Leabharlann Taistil Thuaidh:

R-phost: mobilelibrarynorth@corkcoco.ie

Guthán: (085) 8518932

An Leabharlann Taistil Theas:

R-phost: mobilelibrarysouth@corkcoco.ie

Guthán: (085) 8518967

Leabharlann Taistil Iarthar Chorcaí:

R-phost: westcorkmobile@corkcoco.ie

Guthán: (086) 8160131

Achoimre ar Dhoiciméid