Leabharlanna

Plean Forbartha Leabharlainne

Le seoladh an Phlean Forbartha nua seo do Sheirbhíse Leabharlainne 2020-2025 (pdf) tá a plean straitéiseach forásach agus uilechuimsitheach leagtha amach ag Comhairle Contae Chorcaí do na cúig bliana amach romhainn.

Ullmhaíodh an Plean Forbartha i gcomhairle le foireann na leabharlainne agus leis an bpobal, agus laistigh de chomhthéacs níos leithne straitéisí náisiúnta agus áitiúla lena n-áirítear an straitéis leabharlainne náisiúnta 'Ár Leabharlanna Poiblí 2022', agus beidh sé  mar bhunús d'aidhmeanna na seirbhíse, agus ar an tslí a bhfeidhmeoidh sí sa phobal.

D’fháiltigh Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Mary Linehan Foley roimh sheoladh na cáipéise straitéise nua ag rá:

Tá sé mar aidhm ag seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Chorcaí a bheith oscailte, inrochtana agus fáilteach do gach duineSa Phlean Forbartha seo leagtar amach conas a bhainfear na haidhmeanna agus na hidéil sin amach. Tá sé cruthaithe ag an tseirbhís leabharlainne go bhfuil sí díograiseach do sheirbhís do chustaiméirí. Bhí sé seo le feiscint go háirithe le bliain anuas, áit ar fhan baill na leabharlainne nasctha leis an tseirbhís seo agus lena pobal úsáideoirí trí sheirbhísí agus seachadtaí ar líne. Tá an t-éileamh ar sheirbhísí ard, ag cur béime ar thábhacht leabharlanna do bhailte agus sráidbhailte. Tá cumas iontach léirithe ag an tseirbhís leabharlainne ina cuid oiriúnú do riachtanais a baill agus leanfaidh sí uirthi ag déanamh amhlaidh de réir mar a fhoghlaimíonn agus a fhorbraíonn sí taobh leis an bpobal a bhfreastalaíonn sí air. "

Dúirt Tim Lucey, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí,

Is doiciméad slat-thomhaiseach é Plean Forbartha Leabharlainne Chomhairle Contae Chorcaí, a ligeann dúinn rath na Leabharlainne a thomhas maidir lena aidhmeanna uaillmhianacha a bhaint amach sna cúig bliana amach romhainn. Mar is soiléir le blianta beaga anuas, tá seirbhísí ár leabharlanna ag athrú i gcónaí. Cinntíonn an plean seo  go mbeadh ár bhfócas dírithe ar sheirbhísí leabharlainne  lúfar agus réamhghníomhach a sholáthar a fhéadfaidh freagairt go héifeachtach d’athruithe ar bith a d’fhéadfadh teacht chun cinn inár dtimpeallacht oibriúcháin idir seo agus 2025.”

Is é ráiteas misin na seirbhíse leabharlainne ná ‘pobail a chumhachtú trí rochtain a sholáthar ar acmhainní a chuireann oideachas, eolas, léargas agus saibhriú ar shaol a gcuid saoránach trí litearthacht agus grá don léitheoireacht a chur chun cinn agus a thacú, agus trí acmhainní a bhaineann le hoidhreacht chultúrtha Chorcaí a bhailiú agus a chaomhnú’. Tá an Plean Forbartha deartha chun tacú leis an misean seo i bhforbairt na seirbhíse sna cúig bliana amach romhainn.