Leabharlanna

R-Nuachtáin

 

Cuireann PressReader ar fáil rochtain neamhtheoranta  ar líne,  saor in aisce chuig na mílte nuachtáin dhomhanda,  le  foilseachán Éireannach san áireamh, mar shampla an Irish Daily Mirror agus an RTÉ Guide,  a áirithe go mbeidh duine in ann choimeád nuashonraithe go héasca leis an nuacht  náisiunta.

Tá nuachtáin idirnáisiúnta le feiscint chomh maith, ina theanga áitiúila, nó aistrithe chuig do rogha teanga.

Chun féachaint a éascaigh, is féidir leat chlófhoireann a athrú, nó airtigeal a oscailt ingcumas chlófhoireann agus léitheoireacht os ard a roghnú.

Le do uimhir Chárta Leabharlann, is féidir leat cuntas ar líne a cruthú ó do PC, ríomhaire glúine, nó táibléad. Nó an Aip  PressPreader a íoslódáil chuig do fóncliste le haghaidh gléasanna IOS and Android agus choimeád suas le nuacht laethiúil saor in aisce.

Íoslódáil an treoir suiteáil tapa PressReader nó treoir Aip PressReader nó treoir láithreán gréasáin Pressreader le haghaidh cúnaimh.

Má tá aon fadhb agat, níl ort ach ríomhphost a sheoladh chuig pressreader@wfhowes.co.uk

Tá síntiús ag Leabharlann Chontae Chorcaí do roinnt acmhainní ar líne agus is féidir rochtain a fháil orthu ag aon cheann dár leabharlanna brainse.

Cartlann Nuachtáin na hÉireann

Is í Cartlann Nuachtáin na hÉireann an chartlann dhigiteach de nuachtáin Éireannacha is mó ar domhan. Tá níos mó ná 40 teideal agus na milliúin alt nuachtáin ó 300 bliain de stair na hÉireann le fáil inti. Is féidir rochtain a fháil ar an mbunachar sonraí seo ag aon leabharlann bhrainse.

Cartlann Dhigiteach an Irish Times

Le rochtain neamhtheoranta trí www.irishtimes.com , is féidir leat léamh agus taitneamh a bhaint as  an r-nuachtán laethúil, macasamhail cruinn digiteach den nuachtán clóbhuailte agus rochtain neamhshrianta ar níos mó ná 160 bliain d'ár cartlann, lena n-áirítear na milliúin d'ailt a foilsíodh ó ár gcéad eagrán ar 29ú Márta , 1859.

Is féidir rochtain a fháil ar an mbunachar sonraí seo ag aon leabharlann bhrainse.